Tá Máirtín Seoighe, colúnaí rialta leis an iris seo, ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge. Thosaigh Máirtín ag scríobh do NÓS i mí Mheán Fómhair na bliana seo caite agus meallann a chuid alt faoi chás na Gaeltachta agus óige na Gaeltachta go leor airde.
Ó thosaigh sé ag scríobh do NÓS, tá obair mhaith déanta aige freisin don ardán BLOC (TG4) agus do RTÉ Raidió na Gaeltachta mar a mbíonn sé ag plé le cúrsaí nuachta san Iarthar den chuid is mó.
Beidh Máirtín san iomaíocht don ghradam le Donncha Ó Murchú, láithreoir leanúnachais de chuid TG4; Hugh Mac Giolla Chearra, a bhíonn ar BLOC freisin; Sinéad Ní Scolaí, láithreoir raidió de chuid Raidió Rí Rá agus Raidió na Life, agus duine de na GaelGals; agus Maud Keane, a bhíonn ar BLOC agus ar Raidió Rí Rá.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le mo mhuintir, le foireann NÓS, le mo chomhghleacaithe in RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus le foireann BLOC TG4 a thug na deiseanna dom an t-ainmniúchán a fháil,” a dúirt Máirtín le NÓS inniu.
Is vóta poiblí a bheidh ann do Ghradam an Réalta Óig agus scaipfear eolas faoin vóta sin Dé Céadaoin seo chugainn, an 8 Meán Fómhair.
Fógraíodh na gearrliostaí do na 11 rannóg eile ar maidin freisin, agus fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar an 20 Deireadh Fómhair, seachtain sula mbronnfar na gradaim eile ag ócáid fhíorúil.
“Rinne na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach aon leibhéal cion thar na bearta le spiorad agus meanma an náisiúin a ardú le bliain anuas agus muid ag déileáil le dúshláin nua agus athruithe móra inár saol.
“Thug siad eolas agus sólás dúinn ag tráthanna éagsúla chomh maith le deis éalaithe ón saol nuair a bhí sé sin de dhíth orainn. Tréaslaím ó chroí le gach duine atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais.
COLÚNAÍ NA BLIANA
Gráinne McElwain Seachtain, Irish Independent
Éanna Ó Caollaí The Irish Times
Máire Ní Fhinneadha Tuairisc.ie
Gráinne Ní Ghilín Andersonstown News
Ciarán Ó Pronntaigh Meon Eile
Máirín Ní Ghadhra Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Blas Ón Taobhlíne BBC Gaeilge ar BBC Uladh
Tús Áite RTÉ Raidió na Gaeltachta
Sin Ráite Raidió Fáilte
Blas BBC Gaeilge ar BBC Uladh
Barrscéalta RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fios Feasa Raidió na Life
IRISEOIR NA BLIANA
Eoin Ó Cathain RTÉ Raidió na Gaeltachta
Irene Ní Nualláin Nuacht TG4
Peadar Mac Gaoithín Nuacht TG4
Shane Ó Curraighín 7 Lá ar TG4 & Nuacht TG4
Seán Ó Baoill An Focal Scoir & Meon Eile
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Rian na gCos Imagine Media
Samhlú Meangadh Fíbín
Uimhir 6 New Departures Media
Croí na Ceiste le Caoimhe Waddell Media
Martin McGuinness LIGID Léiriúchán
Plean Bee Dearcán Media
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Barbara Nic Dhonnacha Q102
Cárthach Bán Breathnach Raidió na Life & RTÉ Raidió na Gaeltachta
Niamh Ní Chróinín Raidió Rí-Rá, RTÉ Ráidio na Gaeltachta & Spin
Colm Feiritéar Highland Radio
Jo Ní Chéide RTÉ Ráidio na Gaeltachta
Daithí Ó Muirí BBC Raidió Uladh
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Máire Bhreathnach An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh
Sinéad Ní Uallacháin Peig & Réalta ‘s Gaolta
John Toal Croí Uladh
Marie Bheag Breathnach Ros na Rún
Eimear Ní Chonaola Nuacht TG4
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#SeoÍanGhaeltacht Na hOifigigh Pleanála Teanga
#SeasanFód An Dream Dearg
#ConamaraLáir Pleanáil Teanga, Conamara Láir
#GaeltachtX Conradh na Gaeilge
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Rogha Bhríde Flirt FM
Aon Scéal? Phoenix FM
Ó Chonamara go Crimea Raidió Pobail Chonamara
Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM
Beannachtaí an Lae Raidió Phobal Chlár Chlainne Mhuiris
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Splanc le Cuán Ó Flatharta Newstalk
An Blas Beag Q102
Pop Raidió Spin1038 & Spin SouthWest
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
An Focal Scoir Below the Radar TV
Bailte Aniar TV
Saolta ‘s Gaolta Triplevision Productions
Croí Uladh Big Mountain Productions
Turas Clainne Aniar TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Áine Ní Bhreisleáin RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1
Dara Ó Cinnéide RTÉ Raidió na Gaeltachta
Gormfhlaith Ní Thuairisg RTÉ Raidió na Gaeltachta
Muireann Nic Amhlaoibh RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
Tristan Rosenstock RTÉ Raidió na Gaeltachta
Michelle Nic Grianna RTÉ Raidió na Gaeltachta