Tá Seán Ó Dubhchon – colúnaí rialta leis an iris seo – ainmnithe do dhá ghradam ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022. Ainmníodh Seán dá shaothar le NÓS sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’ agus dá shaothar le Raidió Rí Rá agus Raidió na Gaeltachta sa rannóg Pearsa Raidió na Bliana.
Fógraíodh inniu na gearrliostaí do na rannóga uilig i nGradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tá 13 rannóg ann i mbliana agus tabharfar aitheantas don “ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Tá rannóga ann don teilifís, don raidió, do na meáin shóisialta, agus don fhocal scríofa agus os cionn trí scór ainmniúchán sna rannóga sin.
“Tá fás agus forás tagtha ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le fiche bliain anuas faoi mar atá ar an earnáil lena mbaineann siad. Tá éacht speisialta déanta ag na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach leibhéal agus iad ag déileáil go muiníneach, cróga, leis na dúshláin bhreise a chruthaigh an phaindéim.
“Bhí sárchaighdeán, tréanchruthaíocht agus nuálaíocht le sonrú go láidir ar Ghearrliosta 2022 agus déanaim comhghairdeas ó chroí le gach duine a bhain an gearrliosta sin amach. Tá muid ag súil go mór leis an mbronnadh a bheith ar siúl i bpearsa arís i mbliana le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.
Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022. Bronnfar na Gradaim Chumarsáide ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ar Chéadaoin na féile, 2 Samhain 2022.
Is ar bhonn vótála poiblí a roghnófar an buaiteoir sa chatagóir ‘Réalta Óg na Bliana’ agus cuirfear tús leis an vóta poiblí ar an 15 Meán Fómhair.
COLÚNAÍ NA BLIANA
Alex Hijmans Tuairisc.ie
Ciarán Dunbar Meon Eile
Éanna Ó Caollaí The Irish Times
Seán Ó Dubhchon NÓS
Mairéad Ní Nuadháin Tuairisc.ie
Fachtna Ó Drisceoil Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Beo ar Éigin RTÉ Raidió 1
Iris Aniar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Teachtaireachtaí Raidió na Life
Bladhaire RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cóisir Filíochta BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh
An Chéad Ghliún Eile RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Sorcha Ní Riada Nuacht TG4 & RTÉ
Cóilín Ó Neachtain RTÉ Raidió na Gaeltachta
Caoimhe Ní Laighin Nuacht TG4 & RTÉ
Eoin Ó Cathain RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht TG4
Aodhán Ó Maoileoin Nuacht TG4 & RTÉ
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Seán Ó Riada Mo Sheanathair Táin Media
The Queen Vs Patrick O’ Donnell ROSG
RTÉ RnaG @50 Aniar TV
SCANNÁN NA BLIANA
Foscadh Tua Films
An Cailín Ciúin Inscéal
Doineann Doubleband Films
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Seán Ó Dubhchon Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta
Caoimhe ‘Ceol’ Ní Cathail BBC Gaeilge ar BBC Uladh
Josie Ó Cualáin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Jud-Meg Ní Chinnéide Raidió na Life
Jamie Ó Flannúra Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Niamh Ní Chróinín Cúla4
Doireann Ní Ghlacáin Fleadh TV & Sean Ó Riada Mo Sheanathair
Seán Ó Baoill An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh
Áine Ní Bhreisleáin An Cósta Thiar
Dara Ó Cinnéide Spórt Iris
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#Comhar80 Comhar
#AchtAnois An Dream Dearg
#CpnaG Molscéal ag Comórtas Peile na Gaeltachta
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Slán le Fear an Hata Raidió Pobail Chonamara
Aon Scéal? Phoenix FM
Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM
Rogha Bhríde Flirt FM
Ceol agus Craic Dublin City FM
Tradfest Tullamore Flirt FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Dúisigh le Lauren Ní Loingsigh Cork’s Red FM
Splanc le Cuán Ó Flatharta Newstalk
Cad ‘dearfá le Gaillimh Galway Bay FM
Ceol Anocht KCLR FM
Ruaille Buaille Highland Raidió
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Croí na Ceiste Waddell Media
An Cósta Thiar Aniar TV
An Cuan Oddboy Media
I Lár an Aonaigh Below the Radar
Nuair a bheidh mé Mór Meangadh Fíbín
Iontais na bhFarraigí Ceilteacha Tua Films
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Gearóidín Nic Con Iomaire RTÉ Raidió na Gaeltachta
Pádraig Ó Sé RTÉ Raidió na Gaeltachta
Eoin Warner TG4
Sinéad Ní Uallacháin RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1
Cuán Ó Flatharta Newstalk
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Conchúr Ó Faoláin Clár Reachtaire le Raidió na Life
Niamh Ní Ruadagáin Léiritheoir & taighdeoir teilifíse
Darren Ó Dubhgáin Aimsir & Leanúnachas TG4
Evelyn Ní Ghriallais Rásaíocht Beo ar TG4
Barry Ó Síochrú BLOC TG4