Fiosraíonn Emma Ní Chearúil na heachtraí aisteacha a bhaineann le scéal Marina Joyce, an blagadóir óg faisin a bhfuil raic cothaithe ar líne aici le roinnt laethanta anuas.
Is aisteach an rud í an histéire, go háirithe anois agus leithéidí Twitter ann mar ardán le tuairimí agus ráflaí a scaipeadh go sciobtha agus, uaireanta, gan fhianaise.
Deirtear go minic go bhfuil chuile dhuine a bhfuil cuntas Twitter acu den tuairim gur iriseoirí iad.
Agus is bleachtairí muid anois chomh maith, má tá rud ar bith le foghlaim ón eachtra “Save Marina”.
Is blagadóir faisin í Marina Joyce as Sasana atá 19 mbliana d’aois.
Tá sí ina cónaí lena máthair, agus tá físeáin á gcur aici ar YouTube le ceithre bliana anuas.
Cúpla mí ó shin, áfach, thug a cuid leantóirí faoi deara go raibh athruithe théis teacht uirthi agus ar a físeáin.
Chomh maith le dóigheanna agus nósanna cainte aisteacha agus loirg dhorcha ar a lámha, thug a lucht féachana faoi deara go raibh rudaí aisteacha le feiceáil sna físeáin is déanaí aici: gunna i gcúinne a seomra agus barraí ar fhuinneog a seomra.
D’athraigh a stíl eagarthóireachta fiú, dar leo, agus tá an chuma ar an scéal go raibh duine éigin eile ag tabhairt cúnamh leis na físeáin seo – nó ag cur brú uirthi na físeáin a dhéanamh, dar le lucht Twitter.
Tháinig faitíos ar dhaoine go raibh rud éigin cearr leis an gcailín óg seo, a bhfuil cuma mhíchompordach uirthi sna físeáin nua seo agus mearbhall uirthi agus í ag déanamh athrá ar a cuid cainte don cheamara.
Anuas air sin, deir leantóirí go bhfuil teachtaireachtaí rúnda le cloisteáil sna físeáin agus gur féidir cogarnach Marina a chloisteáil in dhá fhíseán, í a rá, “Cuidigh liom!”.
Bhí Twitter lasta leis an haischlib #SaveMarinaJoyce agus na mílte daoine ag fiosrú an scéil.
Léim líon a leantóirí ó 600k go 1.6 milliún laistigh de dhá lá.
An raibh drugaí in úsáid ag an gcailín seo?
Ar fuadaíodh í?
An raibh duine éigin á gortú nó ag cur as di ar bhealach éigin?
Nuair a bhreathnaigh mé féin ar na físeáin den chéad uair (’sea, bhí mé fiosrach, cosúil le chuile dhuine eile!), shíl mé gur luigh na comharthaí le scitsifréine, b’fhéidir, nó le paranóia de chineál éigin seachas aon rud eile.
Táim fós den tuairim go bhfuil sé sin níos réalaíoch ná an bharúil go bhfuil an cailín óg seo faoi smacht ISIS, mar a scríobhadh ar Twitter agus i nuachtáin ar líne.
Tháinig fás ar an scéal go sciobtha, in ainneoin tuairisc dhearfach ó na gardaí agus comhrá beo a d’eagraigh Marina féin inar dhúirt sí go raibh sí togha agus nár ghá a bheith ag déanamh imní.
Deirtear gur chuir sí leis an histéire, áfach, toisc cuma mhíchompordach a bheith uirthi le linn an chomhrá agus í a bheith trí chéile.
Chaith sí smideadh daite freisin, le dhá líne ghorma ar a leiceann.
De réir dealraimh, is comhartha é líne ghorm ag duine atá i mbaol nó atá i gcontúirt toisc foréigean baile.
Bhí an chuma ar an scéal go raibh daoine trí chéile agus buartha faoin gcailín seo ar “fuadaíodh” í agus a bhí i mbaol uafásach.
Tháinig athrú tobann ar an scéal, áfach, nuair a labhair Marina go poiblí in agallamh leis an YouTuber clúiteach, Philip DeFranco.
Bhí an t-agallamh féin aisteach go leor: ní raibh freagraí cearta á dtabhairt ag Marina agus bhí mearbhall ar Philip maidir leis an méid a bhí á rá aici in amanna.
Shéan sí go raibh drugaí in úsáid aici ná go raibh sí i mbaol, ach luaigh sí go raibh sé iontach go raibh líon a leantóirí théis dul i méid agus go raibh a cuid fans théis poiblíocht iontach a dhéanamh ar a son.
Is cosúil nár thuig sí go raibh fadhb leis an aird aisteach a tarraingíodh uirthi.
Luaigh foinsí eile go raibh cairde agus gaolta le Marina théis a dheimhniú go raibh an cailín óg ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte le déanaí.
Dúirt blagadóir eile, LukeisNotSexy, a bhfuil aithne aige ar Marina, nach mar a shíltear a bhítear sa scéal seo: go raibh fadhbanna pearsanta dá cuid féin ag Marina agus nach raibh sé mar dhualgas aici iad a roinnt leis an saol mór.
Más fíor sin, bheadh trua agam di agus dá clann.
Cé go n-aontaím leis, seans go raibh sé rómhall aon rud a rá, mar phléasc an t-idirlíon arís. Ach an uair seo, ní ar mhaithe le Marina a shábháil a bhí daoine.
Bhí díomá, fearg agus frustrachas tagtha ar na mílte daoine a bhí théis am a chaitheamh ag fiosrú scéal Marina Joyce.
Chreid siad go raibh sí i gcontúirt fhisiciúil agus go raibh baol ann go raibh duine éigin á gortú.
Chreid siad go raibh uisce faoi thalamh áit éigin agus go raibh siad théis rún dorcha a sceitheadh.
Chreid siad go raibh aithne acu ar an gcailín seo toisc cúpla físeán a fheiceáil ar an idirlíon agus go raibh sé de cheart acu ar bhealach éigin mionsonraí a saoil phearsanta a fhiosrú.
Ach is cosúil nach fíor na rudaí sin, agus bhí daoine ar buile.
D’athraigh a bport, thosaigh treocht nua – #dontsavemarina – agus d’éirigh na teachtaireachtaí ar líne nimhneach, gránna.
Níl freagraí cearta faighte againn ar na ceisteanna a d’eascair ón eachtra seo.
Deir Marina féin nach raibh ann ach botún, gur de thimpiste a tharla sé agus nár thuig sí go raibh aon rud aisteach faoina cuid físeán le déanaí.
Tá an scéal seo scanrúil ar chúpla bealach, sílim.
Cruthaíonn sé, ar ndóigh, an chumhacht atá ag na meáin shóisialta agus chomh dainséarach atá ráflaí sa lá atá inniu ann.
Cruthaíonn sé chomh héasca atá sé daoine a chur ar iomrall. Más cleas poiblíochta a bhí sa scéal seo, is ceann iontach cliste a bhí ann.
Go pearsanta, shíl mé go raibh sé scanrúil an oiread imní a bhí ar dhaoine nuair a cheap siad gur i gcontúirt fhisiciúil a bhí Marina.
Ach cé go raibh fianaise ann gur a haigne, seachas a corp, a bhí i mbaol, ní leor fadhbanna meabhairshláinte dóibh siúd a bhíonn ag lorg conspóide.
Ní fadhb sách mór í le bheith i dteideal na hairde a tarraingíodh ar Marina Joyce.
Cén fáth nach bhfuil an luach céanna ar an meabhairshláinte agus atá ar shláinte an choirp?
Seans gurb é an rud is aistí faoin eachtra seo ar fad, áfach, ná an líne dhoiléir sin a bhíonn á cothú ag an idirlíon: an bhfuil aithne againn i ndáiríre ar na pearsana seo?
Agus cén fáth a ndéanann muid infheistíocht chomh mór sin i ndaoine nár chas muid leo riamh.
Agus cén tionchar a bhíonn aige sin ar na daoine sin a bhfuil ardú céime tugtha againn dóibh agus corónacha curtha againn orthu?