Cúig ainmniúchán faighte ag TG4 ag Gradaim na Sockies

Tá rannóga éagsúla de chuid an stáisiúin teilifíse TG4 ainmnithe i gcúig rannóg ag Gradaim na Sockies i mbliana. Bronntar Sockie ar eagraíocht as feabhas a gcuid gníomhaíochta ar na meán sóisialta. 

Ainmníodh cuntais TG4 féin sna rannóga ‘Comhlacht Stáit ar Facebook’ agus ‘Comhlacht Stáit ar Twitter’, tá an cuntas Spórt TG4 ainmnithe sa rannóg don úsáid is fearr a baineadh as Stories agus Reels Instagram, agus tá an fochainéal ar líne BLOC TG4 ainmnithe sna rannóga ‘Comhlacht Stáit ar Instagram’ agus ‘Úsáid is Fearr ar TikTok’. Roghnófar buaiteoir na rannóige deireanaí sin trí ‘chomórtas damhsa’. 

Tá lucht an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ainmnithe sa rannóg ‘Feachtas Físeáin: Comhlacht Poiblí’ agus  sa rannóg ‘Feachtas Il-ardán is Fearr’ chomh maith. D’oibrigh an comhlacht poiblíochta Lorg Media, atá lonnaithe i nGaillimh, ar an bhfeachtas sin i gcomhar le Foras na Gaeilge agus na foclóirithe. 

Deich mbliana ó shin a bronnadh na Sockies den chéad uair agus ó shin i leith táthar á mbronnadh ar eagraíochtaí agus comhlachtaí as feabhas a gcuid gníomhaíochta ar na meáin shóisialta. Tá 28 gcatagóir ann i mbliana, péire acu a bheidh ann den chéad uair – na catagóirí do TikTok agus do Reels Instagram. Ní bheidh rannóg ann don ardán Snapchat i mbliana – rannóg inar bhuaigh TG4 in 2016. 

Bronnfar leagan NFT de na trófaithe ar na buaiteoirí i mbliana.  

SCÉALTA EILE