Cuireadh tús ceart le hOireachtas na Samhna i gCill Airne aréir nuair a bronnadh na Gradaim Chumarsáide ag an gcéad mhórimeacht de chuid na féile. Ocht rannóg ar fad a bhí ann i mbliana agus bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Phádraic Ó Ciardha, a d’éirigh as a ról mar Leascheannasaí ar TG4 ag tús na bliana.
Ba é Damien Ó Dónaill, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thug leis an gradam ‘Réalta Óg na Bliana’. Ba le vóta poiblí a roghnaíodh Damien. Conallach eile a bhuaigh an gradam do ‘Phearsa Teilifíse na Bliana’, Caitlín Nic Aoidh ó TG4 a bhíonn le feiceáil ar An Aimsir Láithreach agus go leor cláracha eile ar an stáisiún Gaeilge.
Bhí scríbhneoir de chuid na hirise seo, Ciara Ní É, san iomaíocht do dhá ghradam agus thug sí an chraobh léi dá feachtas #NílSécgl ar cuireadh tús leis mí Eanáir. Ba í seo an chéad bhliain a bronnadh a leithéid de ghradam inar ainmníodh feachtais éagsúla a tháinig chun cinn ar na meáin shóisialta le bliain anuas.
“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach aon duine a bhuaigh gradam anocht. Tá ríméad orainn go bhfuil muid tar éis fiche bliain de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a cheiliúradh anocht,” a dúirt stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha.
Seo thíos na liosta iomlán na mbuaiteoirí.
Camino na Sáile (Anú Pictures) — Sraith Teilifíse na Bliana
Seo an Saol (BBC Raidió Uladh) — Sraith Raidió na Bliana
Caitlín Nic Aoidh (TG4) — Pearsa Teilifíse na Bliana
#NílSécgl (Ciara Ní É) — Feachtas Meán Sóisialta na Bliana
Helen Ní Shé (RTÉ RnaG) — Pearsa Raidió na Bliana
Song of Granite (Marcie Films, Amerique Film Production le Harvest Films, South Wind Blows, Roads Entertainment) — Scannán na Bliana
Sean Mac an tSíthigh (RTÉ/TG4) — Iriseoir na Bliana
Damien Ó Dónaill (RTÉ RnaG) — Réalta Óg na Bliana