Tá ceann de na hirisí Gaeilge is sine dá bhfuil ann, An tUltach, imithe as cló agus an chosúlacht ar an scéal nach bhfillfidh sé ina leagan míosúil clóite. Foilsíodh an t-eagrán deiridh de An tUltach mí Aibreáin na bliana seo, agus cé go bhfuil ábhar á chur go tráthrialta ar shuíomh idirlín na hirise, níl dóchas ag lucht a fhoilsithe go mbeidh leagan clóite rialta eile ann.
Bunaíodh An tUltach sa mbliain 1924 agus foilsíodh ar bhonn míosúil é ó shin. Bhí sé ar cheann de na hirisí is rathúla i saol na Gaeilge agus cé is moite de An Timire ba í an iris is faide i gcló. Bhí maoiniú rialta á fháil ag an iris ó Fhoras na Gaeilge go dtí go ndearnadh athstruchtúrú ar an múnla maoinithe d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2013.
Ba ag braith ar airgead ó fhoinsí éagsúla a bhí An tUltach le cúig bliana anuas, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, Conradh na Gaeilge, ranna rialtais Thuaidh agus Theas, fógróirí agus síntiúsóirí ina measc.
Dúirt Réamonn Ó Ciaráin ón iris le NÓS go raibh “streachailt” i gceist le foilsiú An tUltach ó cuireadh deireadh leis an “gcroí-mhaoiniú” ó Fhoras na Gaeilge cúig bliana ó shin.
“Níl amhras ar bith ann faoi sin, mar a thuair muid ag an am bhí streachailt i gceist. Téann gach rud siar chuig an tuairisc chuimsitheach a chuir an Dr Regina Ní Chollatáin le chéile in 2011. Sa tuairisc sin, bhí Regina an-soiléir go raibh an tUltach ina hiris ghairmiúil, go raibh sé an-oiriúnach san fhormáid ina raibh sí, agus mhol sí an iris.
“Ar an drochuair, tamall gairid ina dhiaidh sin, thriomaigh an maoiniú agus d’éirigh linn an seó a choinneáil ar an mbóthar faoi choinne cúig bliana, ach níl an t-airgead ar fáil anois. Tá An tUltach ar an bhfód le beagnach 100 bliain anois, is le muintir na hÉireann agus le pobal na hÉireann an iris, labhair an coiste le cuid mhór mhaith airí agus feidhmeannaigh ag an leibhéal is airde, agus cé go bhfuarthas éisteach maith, ní chuireann bá an t-airgead sa bhanc, agus ní féidir linn an iris a chur amach,” a dúirt sé.
Luaigh Réamonn an “dea-obair” atá á déanamh ag Gráinne Ní Ghilín leis an suíomh idirlín agus le na meáin shóisialta, agus go bhfuiltear ag “déanamh an oiread agus is féidir” le freastal ar lucht leanta na hirise, cé nach bhfuil iris ann níos mó.
“Chomh maith leis sin, tá deontas thart ar £30,000 faighte againn leis an saibhreas millteanach atá carntha thar chéad bliain a chur ar fáil go digiteach don phobal. Tá an méid sin tábhachtach agus tá an láithreacht ar líne tábhachtach fosta ach an mhian atá againn go léir ná go bhfaighidh An tUltach an maoiniú a theastaíonn uaithi,” a dúirt sé.