Tá sé fógartha ag Channel 4 go mbeidh a chomhchainéal siamsaíochta E4 múchta ar feadh an lae ar 7 Bealtaine chun daoine óga a spreagadh le vóta a chaitheamh in olltoghchán na Breataine.
Tá clú ar an chainéal, a bunaíodh i 2001, as a bheith ag athchraoladh clár de chuid ‘How I Met Your Mother’, ‘The Big Bang Theory’ agus ‘Friends’, tráth.
Bheartaigh Channel 4 an plean a chur i gcrích ar an ábhar go bhfuil sprioclucht féachana an stáisiúin idir 16 agus 34 bliain d’aois, aoisghrúpa ag a mbíonn céatadán vótála níos ísle go traidisiúnta.
Mar sin, cas an cnaipe go E4 ar 7 Bealtaine agus feicfear fostaí E4 darb ainm Darren sa stáisiún ag fanacht leis an chainéal a chur ar siúl arís, le teachtaireacht ag moladh do dhaoine dul amach agus vóta a chaitheamh idir an dá linn.
Daonlathas ar dtús, greann níos moille!
Do bharúil, an ndéanfaidh Ponc/TG4 é seo ar Lá na Reifreann ar an 22 Bealtaine?