Éire an buaiteoir ag Féile na Meán Ceilteach


Tá na Ceiltigh éagsúla a bhí i láthair ag Féile na Meán Ceilteach in Inbhir Nis na hAlban ag an deireadh seachtaine fillte abhaile faoin am seo, agus éadáil níos mó i málaí mhuintir na hÉireann ná ag gach dream eile curtha le chéile.

Ócáid bhliantúil í Féile na Meán Ceilteach a bunaíodh in 2007 chun ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr na meán cumarsáide sna tíortha Ceilteacha agus chun duaiseanna a bhronnadh ar na héachtaí is suntasaí gach bliain.

I mbliana, as 21 rannóg san iomlán, d’éirigh le léiriúcháin Éireannacha an gradam mór a thabhairt leo 12 uair, na duaiseanna iomráiteacha Pearsa Raidió na Bliana (Michelle Nic Grianna, RTÉ RnaG, thíos), Spiorad na Féile (Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste, TG4) agus Sraith Dhráma na Bliana (Love/Hate, RTÉ) ina measc.

Mar aon le hiontrálaithe as Éirinn, Alba, Cymru, Corn na Breataine agus an Bhriotáin, bhí iarrthóir amháin ann ón Ghailís – an bheochan dhraochtúil O Apóstolo – agus chuaigh seacht ngradam chuig léiriúcháin i dteangacha dúchasacha na dtíortha Ceilteacha (Gaeilge, Gàidhlig agus Cymraeg).

Fógraíodh ag deireadh na Féile, atá ag fás i rith an ama agus ina raibh na céadta páirteach i mbliana, go mbeidh imeachtaí 2016 ar siúl i nDún Garbhán, Co. Phort Láirge, fógra a chuir an dlaíóg mhullaigh ar dheireadh seachtaine den scoth do Ghaeil na hÉireann.

michelle-nic-grianna


Liosta Iomlán na mBuaiteoirí, Féile na Meán Ceilteach 2015:

Cúrsaí ReathaThe Disappeared (Éire)
Clár Aonair FaisnéiseClose to Evil (Éire)
Sraith FhaisnéiseThe Quest for Bannockburn (Alba)
Daoine Óga (12-25 bliain)Being Sixteen in 2014 (Alba)
Siamsa FaisnéiseRhod Gilbert’s Work Experience (An Bhreatain Bheag)
Fad-DrámaPatrick’s Day (Éire)
Clár CeoilAnother Country (Alba)
PáistíKatie Morag (Alba)
Na hEalaíonaDolores Keane: A Storm in the Heart (Éire)
SpórtArkle (Éire)
GearrdhrámaSínte (Éire)
Stáisiún Raidió na BlianaBBC Radio nan Gaidheal (Alba)
BeochanThe Hunchback in the Park (An Bhreatain Bheag)
Spórt RaidióDocumentary on One: Never Knocked Down (Éire)
SiamsaDim Byd (An Bhreatain Bheag)
Gradam Kieran Hegarty le haghaidh NuálaíochtaProsiect iBeacons Oriel Plas-Glyn-y-Weddw (An Bhreatain Bheag)
Pearsa Raidió na BlianaMichelle Nic Grianna, RTÉ RnaG (Éire)
Sraith DhrámaLove/Hate (Éire)
Clár Faisnéise RaidióCall of the Dark (Éire)
AipSeamus Heaney: Five Fables (Éire)
Spiorad na FéilePáidí Ó Sé: Rí an Pharóiste (Éire)

SCÉALTA EILE