Cuirfear tús leis an chéad chlár sa tsraith nua 3 chuid ‘Éirí Amach Amú’ ar TG4 anocht, 100 bliain díreach ón dáta a cuireadh tús le hÉirí Amach 1916.
Is é James Phelan, scríbhneoir Rásaí na Gaillimhe, atá taobh thiar den tsraith nua grinn seo le Tile Films, a chraolfar sa trí lá amach romhainn ag 9.30in.
I measc na n-aisteoirí a bheidh le feiceáil ann, beidh Peter Coonan, a ghlac páirt ‘Fran’ sa tsraith iomráiteach ar RTÉ Love/Hate, Seán T.Ó Meallaigh agus Owen McDonnell, a bhí i bpáirteanna na ndeartháireacha Connolly sa tsraith bhuach An Klondike agus Eva Jane Gaffney as What Richard Did.
Mar a bheadh ‘na dibheairseans agus na haidbhintiurs’ in Bill and Ted’s Excellent Adventure, taistealaíonn triúir fear as Baile Átha Cliath siar sa stair go haimsir an Éirí Amach 1916.
Gan an oiread a scaoileadh faoin scéal féin, tá spiorad na bliana comórtha go mór in airde ag an triúir.
Is saoránaigh mhaithe Ghaelacha na hardchathracha iad, a chaitheann a gcuid ama ag athchruthú imeachtaí stairiúla 1916.
Agus iad ag ullmhú do chleachtadh feistis, tugann bosca rúndiamhracht ar aistear ama iad, siar san am a caitheadh, go 1916, díreach roimh an Éirí Amach.
Ní fada ann iad go gcuireann siad casadh mór ar chúrsaí agus tá an baol ann go dtiocfaidh athrú ó bhun ar an saol.
Agus fios acu go bhfuil Éirí Amach na Cásca millte acu agus gan é tosaithe fiú amháin, caithfidh siad teacht ar phlean chun cúrsa na staire a choinneáil mar a bhí.
Is seoid í an tsraith nua grinn seo i sceideal an chomórtha TG4.
Ag labhairt dó faoin togra dúirt Micheál Ó Meallaigh, Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, gur maith ann an insint éagsúil seo ar an Éirí Amach.
“Bíonn cúpla insint ar aon scéal agus ní mar mhagadh ná le mailís a thugamar tacaíocht don insint mhalartach seo ina gcuirtear an cheist ‘Céard a tharlódh dá mbeadh an cor áirithe seo sa scéal?
“Is fada bua na samhlaíochta agus an ghrinn ag an scéalaí Gaeilge agus seo súil eile ar imeachtaí cinniúnacha na linne sin,” ar sé.