Fágfaidh Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin slán leis an mbliain 2020 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht ar an gclár speisialta Slán le 2020 a fhad is a bheidh Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh ag cur fáilte roimh an mbliain 2021 ar TG4 ar an gclár Fáilte 2021.
Cuirfear tús le Slán le 2020 ar Raidió na Gaeltachta ag 22.00 anocht agus beidh “ceola gus craic” ag Jó agus Josie dúinn go dtí tar éis an mheán oíche.
Is ag 23.30 a chuirfear tús le clár Dháithí agus Mhuireann ar TG4 agus iad ag cur fáilte roimh an mbliain nua le ceol, amhráin, agus “rince den scoth” ó Óstán na Sceilge sa Daingean i nGaeltacht Chiarraí. Rachaidh siad ar chamchuairt Ghaeltachta le “críoch spleodrach ceolmhar” a chur le 2020.
Beidh Fidil, Emma Ní Fhíoruisce, agus Megan Nic Ruairí i dTigh Leo i nGaeltacht Thír Chonaill; beidh na Hot Toddies i Ráth Chairn na Mí; an banna ceoil Danú i dTigh an Cheoil sna Déise; agus Clann Fhlatharta, Patrick Ó hOibicín agus Johnny Óg Connolly sa Hooker Bar i nGaeltacht Chonamara.
Beidh Séamus Ó Beaglaoich, Breanndán Ó Beaglaoich, Cormac Begley, Liam O’Connor, Pauline Scanlon agus the Whileaways uilig in Óstán na Sceilge in éineacht le Dáithí agus Muireann.