Fág slán le 2021 le Séamus agus Jó ar RnaG agus Dáithí agus Órla ar TG4

Fágfaidh Jó Ní Chéide agus Séamus Ó Scanláin slán leis an mbliain 2021 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht ar an gclár speisialta Slán le 2021 a fhad is a bheidh Dáithí Ó Sé agus Órla Ní Fhinneadha ag cur fáilte roimh an mbliain 2022 ar TG4 ar an gclár Fáilte 2022. 

Jó Ní Chéide agus Séamus Ó Scanláin a bheidh ar RTÉ RnaG ag 22.00

Cuirfear tús le Slán le 2021 ar Raidió na Gaeltachta ag 22.00 anocht agus beidh “ceol agus craic” ag Jó agus Séamus dúinn go dtí tar éis an mheán oíche.

Cuirfidh Dáithí Ó Sé agus Orla Ní Fhinneadha tús spleodrach leis an mbliain nua le féasta speisialta ceoil. Beidh scoth an cheoil chomh maith le scoth na n-amhránaithe agus na ndamhsóirí againn daoibh ón Rusty Mackerel i nDún na nGall, Tigh Matt Molloy i gCathair na Mart agus ó Ghaeltacht Ráth Chairn na Mí. I measc na rannpháirtithe ar an gclár beidh Matt agus Peter Molloy, Cathy Jordan, Jiggy, The Bonny Men, Maighréad & Tríona Ní Dhomhnaill, Jimmy agus Peter Campbell, Tara Conaghan, Clare Friel, Dermot Byrne agus Bríd Harper, An Chéad Ghlúin Eile, Dan Delaney, Blás agus go leor eile.

Dáithí Ó Sé agus Órla Ní Fhinneadha a bheidh ar TG4 ag 23.30