Gael ceaptha ina heagarthóir ar IrishCentral

Tá duine de Ghaelpobal New York ceaptha ina heagarthóir ar an iris Ghael-Mheiriceánach is mó amuigh — IrishCentral. Ceapadh Frances Mulraney, as Cill Dara ó dhúchas, ina heagarthóir ar an iris aitheanta an mhí seo caite. 

Thosaigh Frances ag obair mar iriseoir leis an iris ar líne in 2015, nuair a bhí bunaitheoir na hirise, Niall O’Dowd, ina eagarthóir uirthi. Tháinig Shelia Langan i gcomharbacht ar Niall anuraidh, agus ceapadh Frances in leas-eagarthóir an uair sin. D’éirigh Shelia as an mhí seo caite agus ceapadh bean Chill Dara ina háit. 

IrishCentral in Manhattan féin i gcathair New York, agus is í an iris Ghael-Mheiriceánach is mó léamh ar líne agus os cionn 3.5 milliún léitheoir sa mí ag an suíomh. Bíonn idir ailt nuachta, tuairimíochta, siamsaíochta, agus tráchtaireachta ar an suíomh, agus béim á leagan ar scéalta a bhaineann le Gael-Mheiriceánaigh, le hÉirinn agus leis an gcultúr Éireannach i Meiriceá. Tá ceangal láidir ag an suíomh leis na hirisí clóite Irish America agus The Irish Voice. Ó cuireadh tús leis an suíomh, tá beagnach 100 milliún duine tar éis cuairt a thabhairt air. 

Tógadh Frances i gContae Chill Dara agus d’fhreastail sí ar choláistí Gaeilge i gConamara le linn a hóige. D’fhreastail sí ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, mar ar bhain sí céim amach san iriseoireacht le Fiontar. Tá céim an mháistir aici ó Choláiste na Tríonóide freisin.

Ghlac Frances páirt ghníomhach i saol na Gaeilge in Éirinn agus í mar bhall de chumainn Ghaelacha tríú leibhéal, Na Gaeil Óga CLG, agus grúpaí eile teanga san ardchathair. Tá sí lárnach, freisin, i saol na Gaeilge i New York ó d’aistrigh sí ann ag deireadh 2014. Múineann sí Gaeilge do mhuintir na cathrach in ionaid éagsúla Éireannacha agus tá sí ina ball de chraobhacha Chonradh na Gaeilge ann freisin. 

Bhunaigh Frances, in éineacht le Siobhán Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne, Pop Up Gaeltacht Nua-Eabhrac, agus eagraíonn siad beirt na oícheanta réchúiseacha Gaelacha seo i dtithe tábhairne Manhattan agus an ceantar máguaird. Tá sí gníomhach freisin i gclub leabhar Gaeilge sa gcathair agus sa ngrúpa ‘Gaeil Nua-Eabhrac’ a chuireann eolas ar fáil faoi imeachtaí Gaeilge i New York. 

Dúirt Frances le NÓS go bhfuil sí “ar bís” faoina ceapachán agus nár shíl sí go mbeadh a leithéid de phost aici nuair a tháinig sí go Meiriceá ar dtús. 

“Tá mé ag súil go mór le cur leis an suíomh agus na scéalta faoinár bpobal agus faoinár dtír a roinnt leis an domhan mór. Ba mhaith liom cur le branda IrishCentral agus a chinntiú go bhfuil muid ag freastal ar phobal na hÉireann ní hamháin i Nua-Eabhrac ná i Meiriceá ach ar fud an domhain, agus na spéiseanna éagsúla tá acu a léiriú ar an suíomh. 

“Nuair a bhog mé go Meiriceá an chéad lá, ceithre bliana ó shin agus mé ar víosa J-1, shíl mé go mbeadh mé anseo ar feadh bliana. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil mé fós anseo agus post agam nár chuimhnigh mé air ceithre bliana ó shin. Tá mé ag súil le stair, cultúr agus nuacht na hÉireann a chur ar fáil do dhaoine nua gach aon lá,” a dúirt sí. 

Luaigh Frances pleananna míreanna i nGaeilge a chur ar IrishCentral amach anseo le freastal ar phobal na Gaeilge i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus níos faide i gcéin. 

Ghlac Frances páirt i ‘Pod don Eolach’, podchraoladh NÓS, a taifeadadh in oifig IrishCentral i New York níos túisce i mbliana.

SCÉALTA EILE