Gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá Banríon Siamsaíochta NÓS, Sinéad Ní Uallacháin as Corca Dhuibhne, ar dhuine de na daoine a ainmníodh do Ghradam Cumarsáide an Oireachtais inniu. 

D’fhógair an tOireachtas an gearrliosta do na Gradaim Chumarsáide a bheidh á mbronnadh den 21ú huair ag searmanas speisialta in Óstán an Citywest i mBaile Átha Cliath ar an 30 Deireadh Fómhair, mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2019. 

Tá 12 rannóg ann i mbliana, agus Sinéad s’againne ainmnithe sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’ dá cuid oibre ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar a gcuireann sí a clár féin, Sinéad ar Maidin, i láthair, agus a n-oibríonn sí mar léiritheoir ar an gclár Tús Áite. Is duine de chomhláithreoirí Beo Ar Éigean í freisin, podchraoladh a dhéantar in RTÉ. 

Is painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí i ndeich gcinn de na rannóga, ach is iad an pobal a roghnóidh an buaiteoir sa rannóg ‘Réalta Óg na Bliana’. Eiseofar gearrliosta ar leith don rannóg sin ar an 10 Meán Fómhair, agus fógrófar buaiteoir an 12ú gradam, ‘Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais’ ar an 22 Deireadh Fómhair. 

“Tréaslaím le gach duine atá ar ghearrliosta na bliana seo. Léiriú ar fheabhas agus ar bhríomhaire na craoltóireachta Gaeilge is ea an líon ainmniúchán agus an caighdeán saothar atá á gcur isteach gach aon bhliain,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. 

Tá dhá ghradam nua ann i mbliana, agus iad dírithe go speisialta ar an raidió pobail agus ar an raidió tráchtála “chun a chinntiú nach ndéanfar faillí orthu siúd i meán an Bhéarla atá ag freastal ar phobal éisteachta Gaeilge”. 

Seo a leanas na hainmniúcháin go léir do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Clár Raidió na Bliana ar Raidió Pobail
Clár Stáisiún
Gan Teorainn Flirt FM
Gael Force Luimní Limerick City Community Radio 
Cúrsaí Tipperary Mid West Community Radio
Ceol, Caint ’s Comhrá Rosses Radio — Guth na Rosann
Aon Scéal? Phoenix FM
Ceol agus Caint 103.2 Dublin City FM
Grianán Mhuire (Beo-Chraoladh Speisialta do SnaG Athlone Community Radio
Clár Raidió na Bliana ar Raidió Tráchtála
Clár Stáisiún
Ruaille Buaille le Colm Feiritéar Highland Radio
Splanc Newstalk
Pop Raidió Spin 1038
Iriseoir na Bliana
Áine Ní Bhreisleáin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Méabh Ní Thuathaláin Tuairisc.ie
Tomás Ó Mainnín RTÉ/TG4
Shane Ó Curraighín RTÉ/TG4
Caoimhe Ní Chathail Meon Eile/Saor-iriseoir
Clár Teilifíse na Bliana
Tabú: Ag Teacht Slán Midas Productions
Lomax in Éirinn Aisling Productions
An Balla, Iosrael agus Palaistín RONDO, JTV, ROSG
Scéal na Beatha Below the Radar
Pearsa Raidió na Bliana
Sinéad Ní Uallacháin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cuan Ó Flatharta Newstalk
Rónán Mac Aodha Bhuí RTÉ Raidió na Gaeltachta
Gormfhlaith Ní Thuairisg RTÉ Raidió na Gaeltachta
Aindriú de Paor Raidió na Life
Scannán na Bliana
Finky Abú Media
Iomramh an Chamino Anú Pictures
Athrí Zanzibar Films
Sraith Raidió na Bliana
Blas BBC Raidió Uladh
Tús Áite RTÉ Raidió na Gaeltachta
Irischlár Nuachta Raidió Fáilte
Meascra RTÉ Raidió na Gaeltachta
Litreacha BBC Raidió Uladh
Feachtas Meán Sóisialta na Bliana
#TáGaeilgeAgam Molscéal TG4
#FleadhTV Gifted Empire
#AchtAnois An Dream Dearg
#FADUDA Paper Owl Films
#Gaelsnap Conradh na Gaeilge
Sraith Teilifíse na Bliana
Bádóirí Aniar TV
Finné Magamedia
Síolscéalta Aniar TV
Beidh Aonach Amárach  Crawford McCann Ltd
An Focal Scoir Below the Radar
Pearsa Teilifíse na Bliana
Síle Nic Conaonaigh
Hector Ó hEochagáin
Mícheál Ó Domhnaill
Doireann Ní Ghlacáin
Máire Bhreathnach
SCÉALTA EILE