D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020 ar maidin. Dhá chatagóir déag atá ann i mbliana agus aitheantas á thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag saothrú i ngort na meán Gaeilge.
“Tréaslaím ó chroí le gach duine atá ar ghearrliosta na bliana seo. Is léir go bhfuil an soláthar atá á dhéanamh ar na meáin Ghaeilge ar chaighdeán chomh saibhir, chomh gairmiúil agus chomh healaíonta leis an ábhar is fearr atá á chur ar fáil i mórtheangacha na cruinne.
“Is léargas é an gearrliosta seo ar ábhar agus ar dhaoine sna meáin Ghaeilge a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal le bliain anuas agus gabhaimid buíochas leo as muid a thionlacan go croíúil trí éiginnteacht agus trí ghruaim na paindéime lena soláthar faisnéise agus siamsaíochta,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Leas-Stiúrthóir an Oireachtais.
I measc na n-ainmniúchán eile tá Póilín Nic Géidigh a scríobh go rialta do NÓS le bliain anuas sular bhog sí go RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá obair déanta ag Póilín ar chláracha na n-óg ar TG4 freisin.
Ainmníodh na cláir The Irish House: Scéal Phobal Seoighe agus Croí Briste do ghradaim freisin. Bhí dlúthbhaint ag stiúrthóir físeán NÓS, Gráinne Holland, leis na cláir seo a craoladh ar theilifís an Tuaiscirt níos luaithe i mbliana.
Tréaslaíonn NÓS a n-ainmniúcháin le Gráinne agus Póilín beirt.
Ní bheidh aon ócáid bhronnta ann i mbliana mar gheall ar an víreas corónach, ach fógrófar buaiteoir na ngradam éagsúil ar an 28 Deireadh Fómhair, tráth a bheadh Oireachtas na Samhna ar siúl de ghnáth. Deir lucht an Oireachtais go bhfógrófar socruithe an tsearmanais níos gaire don ócáid.
Rannóg | Ainmnithe |
Sraith Raidió na Bliana | Mná na Meán RTÉ Raidió na Gaeltachta Seal le Seán Raidió Rí-Rá Bladhaire RTÉ Raidió na Gaeltachta Meon na mBan Raidió na Life Ceoltóirí faoi Chaibidil BBC Raidió Uladh Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Iriseoir na Bliana | Seán Mac an tSíthigh TG4 & RTÉ Méabh Ní Thuatháláin Tuairisc.ie Cóilín Ó Neachtain RTÉ Raidió na Gaeltachta Sorcha Ní Riada TG4 & RTÉ |
Scannán/Clár Teilifíse na Bliana | Ar Ais go Berlin ’89 RTÉ Saol Trí Ghaeilge Aniar TV Arracht Macalla Teoranta Nazi sa Ghaeltacht Macha Media Uchtú: Evanne Ní Chuillin Tyrone Productions Croí Briste Clean Slate TV |
Pearsa Raidió na Bliana | Áine Ní Bhreisleáin RTÉ Raidió na Gaeltachta Emma Ní Chearúil Raidió na Life Máirtín Tom Sheáinín RTÉ Raidió na Gaeltachta Caoimhe Ní Chathail BBC Raidió Uladh Muireann Nic Amhlaoibh RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Pearsa Teilifíse na Bliana | Dáithí Ó Sé Seal le Dáithí, TG4 Eibhlín Ní Chonghaile Gaeltacht 2020, TG4 Eoghan McDermott Junior Eurovision, TG4 Caitríona Ní Chualáin Cúla4 ar Scoil, TG4 Fiachra Ó Dubhghaill Cúla4 ar Scoil, TG4 |
Feachtas Meán Sóisialta na Bliana | #fansabhaile RTÉ Raidió na Gaeltachta #MiseFosta Mise Fosta #isDeontóirMé Clann Mhic Gabhann #SeoÍanGhaeltacht Na hoifigigh pleanála teanga #GaeltachtX Conradh na Gaeilge |
Clár Gaeilge na Bliana (Raidió Pobail) | Rudaí Mar Sin Dublin City FM Gan Teorainn Flirt FM Aon Scéal Phoenix FM Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM Beannachtaí an Lae Raidió Phobal Chlár Chlainne Mhuiris Ceol & Craic Dublin City FM |
Clár Gaeilge na Bliana (Raidió Tráchtála) | Muintir na nDéise WLR FM Splanc Newstalk Ruaille Buaille Highland Radio Caint Chiarraí Raidió Chiarraí |
Sraith Teilifíse na Bliana | Is Mise Meangadh Fíbín The Irish Houses: Scéal Phobal Bhóthar Seoighe Clean Slate TV An Bhoirinn Phoenix Films 7 Lá TG4 Seoda Bhailiúchán na Scol Aniar TV |
Réalta Óg na Bliana | Máire Bríd Ní Chualáin RTÉ Raidió na Gaeltachta Síomha Ní Ruairc TG4 Oisín Mistéil Tua Films Na Gael Marys BBC 2 Póilín Nic Géidigh NÓS, RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4 |