Fógraíodh gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais inniu, agus tá foireann NÓS ina measc siúd a fuair ainmniúchán i mbliana.
Ainmníodh Méabh Ní Thuathaláin, leas-eagarthóir na hirise seo, sa rannóg Iriseoir/Colúnaí na bliana in éineacht le Maitiú Ó Coimín, Alex Hijmans agus Cathal Mac Coille ó Tuairisc.ie.
Fuair Alan Titley ainmniúchán sa rannóg chéanna dá cholún ‘Crobhingne’ san Irish Times.
Den dara bliain as a chéile, tá aitheantas á thabhairt dóibh siúd den ghlúin óg atá ar thús cadhnaíochta in earnáil na meán agus beidh deis ag an phobal mhór vóta a chaitheamh ar son na réalta óige is fearr leo.
I measc an tseisir atá ainmnithe i mbliana, tá ár mbanríon siamsaíochta álainn, Sinéad Ní Uallacháin.
As a cuid oibre le RTÉ a ainmníodh Sinéad, scríbhneoir rialta ar NÓS.ie.
Aithníodh beirt chraoltóirí raidió eile sa rannóg chéanna: cailín Chonamara, Edel Ní Churraoin, láithreoir Raidió Fáilte, agus Lisa Madden, láithreoir clár na maidine, An Bricfeasta Blasta, ar Raidió na Life.
Is iad Stiofán Ó Fearail, príomhamhránaí Seo Linn a ainmníodh as a chuid oibre ar an seó Cleas Act, agus láithreoirí TG4, Fiona Ní Fhlaithearta agus Micheál Ó Ciaraidh (Cúla 4), an triúr eile a bheas san iomaíocht don duais mhór, ‘Réalta Óg na Bliana’
Is in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh ar an 13ú Bealtaine a mbronnfar duaiseanna ar phlúr na ngearrliostaí sna catagóirí éagsúla.
Agus níos lú ná sé seachtaine le dul go dtí go mbeidh teaghlach na meán Gaeilge bailithe le chéile, tá muid ag súil cheana féin go mór leis an cheiliúradh!
Comhghairdeas mór leis an uile dhuine a ainmníodh i mbliana. Ar aghaidh linn!
An Gearrliosta Iomlán (ní féidir le buaiteoir rannóige na bliana seo caite an rannóg chéanna a bhuachan arís an bhliain dar gcionn):
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Stiofán Ó Fearail – Seo Linn/Cleas Act TG4
Sinéad Ní Uallacháin – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Fiona Ní Fhlaithearta – TG4
Lisa Madden – Iriseoir/láithreoir neamhspleách
Micheál Ó Ciaraidh – Cúla 4
Edel Ní Churraoin – Raidió Fáilte
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Cuimhní ón mBlascaod – Praxis Pictures
EIPIC – Magamedia
Imeall – Redshoe Productions
1916: Seachtar Dearmadta – Abú Media
Folk Aduaidh – Sonas Productions
SCANNÁN / CLÁR NA BLIANA
Vóta 2016 – Comhléiriú de chuid TG4 agus Nuacht TG4
I mBéal na Stoirme – An Idée Originale/Lugh Films/South Wind Blows
An Klondike – Abú Media
Sheehy Skeffington: An Síochánaí – Dearcán Media
Deoch an Dorais – Magamedia Productions
CRAOLTÓIR NA BLIANA
Páidí Ó Lionáird 7Lá / Vóta 2016 – TG4
Róisín O’Hara Róisín – TG4
Tristan Rosenstock Imeall – TG4
Dara Ó Cinnéide GAA USA / Seó Spóirt – TG4
Síle Nic Chonaonaigh Dúiche – TG4
AISTEOIR NA BLIANA
Róisín Ní Chéileachair Móna: EIPIC
Joe Steve Ó Neachtain Peadar: Ros na Rún
Seán T. Ó Meallaigh Pádraig Connolly: An Klondike
Tara Breathnach Máthair: Maidhm
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Liza mo Stór agus Scéalta Eile – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Bláthnaid Libh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Splanc – Newstalk
Blas – BBC Raidió Uladh
CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Bláthnaid Ní Chofaigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Rónán Mac Aodha Bhuí – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Miriam Ní Mheachair – FM 104
Eoghan Ó Néill – Raidió Fáilte
Cormac Ó hEadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
COLÚNAÍ / IRISEOIR NA BLIANA
Cathal Mac Coille – Tuairisc.ie
Méabh Ní Thuathaláin – NÓS.ie
Alan Titley ‘Crobhingne’ – Irish Times
Alex Hijmans – Tuairisc.ie
Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie
LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
www.tuairisc.ie
www.tg4.ie TG4
www.meoneile.ie – Below the Radar
www.raidiofailte.com – Raidió Fáilte