Gradaim Chumarsáide 2009


Tá foireann NÓS ag teacht ar ais chucu féin inniu tar éis oíche mhór na meán Gaeilge i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath.

Bhí slua breá i láthair ag bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais agus cé nár bhuaigh NÓS aon ghradam an iarraidh seo ba dheas an rud é bheith ainmnithe agus aitheantas náisiúnta a fháil.

Ba dheas an rud é chomh maith bheith in ionad chomh gleoite le teach aíochta an Stáit agus cuireann muid fáilte roimh na forbairtí atá á ndéanamh ar na gradaim bhliantúla. Cá bhfios nach mbeidh an ócáid is mó i saol na meán Gaeilge le feiceáil ar an teilifís ar an bhliain seo chugainn?

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí. Comhghairdeas leo ar fad!


Sraith Teilifíse na Bliana: In the Name of the Fada (Peer Pressure do RTÉ)

Pearsa Teilifíse na Bliana: Dáithí Ó Sé (TG4)

Aisteoir na Bliana: Joe Steve Ó Neachtain (Ros na Rún & Stáitse)

Sraith Raidió na Bliana: Adhmhaidin (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Pearsa Raidió na Bliana: Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Iriseoir na Bliana: Eoghan Ó Néill (An Druma Mór/Nuacht 24)

Colúnaí na Bliana: Cathal Mac Coille (Foinse)

Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais: Seán Bán Breathnach (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

SCÉALTA EILE