Gradam nua do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bronnfar gradam nua ar ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Tá an gearrliosta á chur le chéile ag foireann an Oireachtais anois do na naoi ngradam a bhronnfar go fíorúil aimsir an Oireachtais. 

Arís eile, níl aon rannóg ann d’fhoilseacháin Ghaeilge ná d’iriseoirí pinn i mbliana, ach tá trí rannóg ann do chraoltóirí. Tá an rannóg a cuireadh leis na gradaim in 2018 do ‘Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana’ ann arís i mbliana, gradam a bhuaigh An Dream Dearg anuraidh dá bhfeachtas ‘#AchtAnois’. 

Deir lucht an Oireachtais go dtabharfaidh an gradam nua don ‘chraoltóir solabhartha’ “aitheantas do chraoltóirí as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth caint”. Beidh craoltóirí a bhíonn ag obair ar an raidió, ar an teilifís nó ar na hardáin ilmheáin san iomaíocht sa rannóg nua seo. 

Tá athrú eile déanta ag lucht stiúrtha na ngradam i mbliana agus teorainn aoise curtha acu den chéad uair ar an ngradam ‘Réalta Óg na Bliana’. Go dtí seo, níor luadh aon teorainn leis an ngradam seo ina dtugtar “aitheantas do shaothar agus do thallann glún óg nua”. 

Bhíodh daoine a bhí sna tríochaidí san iomaíocht don ghradam seo, agus bhuaigh duine nó beirt sna tríochaidí cheana é. I mbliana, áfach, ní ghlacfar le daoine a bhí os cionn 30 bliain d’aois ar an 1 Márta 2020.

Bronnfar gradaim freisin ar ‘Sraith Theilifíse na Bliana’, ‘Scannán/Clár Teilifíse na Bliana’, ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’, ‘Sraith Raidió na Bliana’, ‘Pearsa Raidió na Bliana’, agus ‘Iriseoir na Bliana’.

SCÉALTA EILE