Tá ceann de Ghradaim TK Whitaker, gradam de chuid Ollscoil na hÉireann, buaite ag Póilín Nic Géidigh, bean ó Ghaeltachta as Gort an Choirce i dTír Chonaill.
Tá aithne mhaith ag léitheoirí NÓS ar Phóilín mar gheall ar a cuid alt a foilsíodh ar an iris seo sular thosaigh sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, agus ní bheidh iontas ar bith orthu gur as feabhas a cuid oibre ar an gcúrsa máistreachta sna meáin chumarsáide.
Bronntar Gradam TK Whitaker ar mhic léinn a bhaineann barr feabhais amach ar chúrsaí máistreachta trí mheán na Gaeilge. Chríochnaigh Póilín an cúrsa máistreachta sna meáin chumarsáide in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i mbliana.
Ba ar leathanaigh NÓS a chuir Póilín tús lena gairm sna meáin chumarsáide, agus í i mbun léirmheasanna ar chláracha teilifíse agus Netflix. Chuir sí lena saothar ina dhiaidh sin agus colúin rialta ar nós ‘Idir an Dá Linn’ agus ‘Péinteáil le Póilín’ aici.
Ghlac sí páirt freisin sa tsraith iomráiteach TG4 Ar Scoil agus Campa Cúla 4, dhá chlár a d’fhéach le hoideachas agus siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí le Gaeilge le linn na dianghlasála níos luaithe i mbliana.
Tá sí ag obair anois le RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.
Dúirt an tOllamh Breandán Mac Suibhne ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go bhfuil an gradam “tuillte go maith” ag Póilín, agus go bhfuil “an-áthas” air do fhoireann an dáimh a bhíonn ag plé leis na cúrsaí sna meáin chumarsáide san ollscoil.