Tá iar-leas-eagarthóir NÓS, Méabh Ní Thuathaláin, ceaptha ina hiriseoir leis an suíomh nuachta Tuairisc.ie. Chaith Méabh ceithre bliana le NÓS, ón uair ab iris chlóite a bhí inti agus í á dáileadh ar fud na hÉireann sna siopaí. Bhí dlúthbhaint ag Méabh leis an iarratas ar an tairiscint ó Fhoras na Gaeilge iris dhigiteach a dhéanamh de NÓS agus tá baint i gcónaí aici le reáchtáil na n-imeachtaí ar nós Ghradaim Cheoil NÓS a bhíonn ar siúl ag tús na bliana.
“Thaitin an tréimhse a chaith mé le NÓS go mór liom agus mé i mbun eagarthóireachta agus scríbhneoireachta leis an suíomh. Bhí mé ag plé le go leor gnéithe den iris, idir scríbhneoirí a mhealladh agus a spreagadh, an suíomh a reáchtáil, an iris a chur chun cinn ar na meáin shóisialta agus léitheoirí a aimsiú ar bhealaí eile,” a dúirt sí le NÓS.
Thosaigh Méabh ag obair le Tuairisc.ie, atá lonnaithe i mBearna i nGaeltacht na Gaillimhe, inniu. Tá sí ag teacht i gcomharba ar Mhaitiú Ó Coimín, a ceapadh ina eagarthóir ar NÓS an mhí seo caite, mar iriseoir leis an tseirbhís nuachta Ghaeilge. Tá Tuairisc.ie ar an bhfód le breis agus trí bliana agus tá an suíomh ar cheann de na meáin Ghaeilge is rathúla amuigh agus líon mór léitheoirí aige mar fhoilseachán.
Beidh Méabh i mbun iriseoireachta leis an suíomh agus beidh sí ag tabhairt aire do chuntais éagsúla Tuairisc.ie ar na meáin shóisialta freisin.
“Tá ré nua ann leis an bpost nua seo dom. Beidh mé ag obair mar iriseoir, mar a bhí mé le foilseacháin agus le heagraíochtaí eile, agus beidh mé ag forbairt na meán sóisialta don tseirbhís freisin. Tá mé ag súil go mór leis na dúshláin nua a bhaineann leis an gcineál seo oibre agus ag súil le cur leis an ábhar atá ar fáil do léitheoirí na Gaeilge,” a dúirt sí.
Is as deisceart Bhéal Feirste í Méabh agus d’fhreastail sí ar scoileanna Gaeilge sa gcathair sin. Bhain sí céim amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh nuair a bhog sí chun na cathrach sin i ndiaidh na scoile agus bhain sí máistreacht san iriseoireacht amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sí ina cónaí i nGaillimh ó shin, áit a nglacann sí páirt mhór i saol na Gaeilge agus i saol an cheoil traidisiúnta.