Glacfar le hiarratais go dtí Dé Céadaoin ar dhá scéim oiliúna de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge sa Tuaisceart. Tá an scéim á reáchtáil do chainteoirí Gaeilge a bhfuil spéis acu a scileanna léirithe teilifíse agus raidió a fheabhsú.
Cuirfear tús le ‘Scéim na nIontrálaithe Nua i Scileanna Teilifíse’ agus ‘Scéim na Léiritheoirí Raidió faoi Oiliúint’ ar an 6 Meán Fómhair agus beidh siad ar siúl ar feadh bliana. Beidh an daoine a ghlacfaidh páirt sa scéim ag obair le comhlachtaí léirithe teilifíse agus raidió ar fud na Sé Chontae.
“Beidh dhá scéim dhifriúla ar siúl againn, ceann amháin faoi choinne daoine ar mhaith osú in earnáil na teilifíse Gaeilge i dTuaisceart Éireann, agus ceann eile don raidió ar a mbeidh na hoiliúnaithe ag obair le Raidió Fáilte.
“Tosóidh an chéad ghrúpa eile oiliúnaithe ar an 6 Meán Fómhair i mbliana. Tá ocht spás ann ar scéim na teilifíse agus beidh beirt ag obair leis raidió. Seo an chéad scéim don raidió a bheidh againn, ní raibh ann ach an teilifíse roimhe seo,” a dúirt Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, Oifigeach Chiste Craoltóireachta Gaeilge le Scáileán Thuaisceart Éireann le NÓS.
Beidh deis ag na hoiliúnaithe teilifíse dhá thréimhse a chaitheamh le linn na scéime le dhá chomhlacht léirithe teilifíse in áiteanna éagsúla, agus beidh na hoibrithe raidió ag obair leis an stáisiún pobail Raidió Fáilte i mBéal Feirste.
Foghlaimeoidh siad scileanna ar nós cén chaoi clár seachtainiúil raidió a léiriú agus a láithriú, cláir chur in eagar, agallamh a dhéanamh le haghaidh clár nuachta, agus taighde a dhéanamh do chláir eile.
Íocfar na hoiliúnaithe de réir an íosráta pá i dTuaisceart Éireann le linn na tréimhse oiliúna, a dúirt Brídín.
Tá Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag lorg iarratas anois díreach ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu don dá scéim seo agus beidh sé á nglacadh go dtí an meán lae Dé Céadaoin 21 Iúil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim teilifíse anseo agus an scéim raidió anseo.