Tá gáire á bhaint as na Gaeil ar na meáin shóisialta ag iarracht rinne seoltóir turscair ar Facebook teacht i dtír ar Éireannach a bhfuil a chuntas Facebook socraithe i nGaeilge aige. Roinn Kevin Beirne, iriseoir Éireannach de chuid The Financial Times i Sasana, pictiúr den phostáil a rinneadh ar chuntas a charad in Éirinn ar Twitter ar maidin agus táthar ag trácht air ó shin.
Someone I know on FB has had their account hacked by some pornbot and their language must be set to Irish because this has happened… pic.twitter.com/pUu6mcZMAU
— Kevin Beirne (@KevBeirne) 1 Lúnasa 2018
Is léir gur úsáideadh inneall uathoibríoch aistriúcháin le Gaeilge a chur ar an teachtaireacht turscair Béarla, Ní go rómhaith a d’éirigh le lucht an turscair an bhrí a thabhairt leo i nGaeilge agus fágadh go bhfuil roinnt botúin ghreannmhara ghramadaí agus litrithe sa téacs.
“Ba mhaith liom Dick mór”, “is breá liom 69ers sciathán” agus “buail mé suas” is mó a tharraing tráchtaireacht ar Twitter agus Facebook, agus mearbhall ar go leor daoine faoin mbunteachtaireacht a bhí ann.
“Wing”. And I have no idea where wings come into it.
— Peter Kavanagh (@TheKavOfficial) 1 Lúnasa 2018
Ní inniu ná inné a thosaigh cuntais turscair ag úsáid inneall uathoibríoch aistriúcháin le teacht i dtír ar chainteoirí Gaeilge ar Twitter. In 2016, bhí an cuntas @GaeilgeGaelic, a raibh an t-ainm úsáideora ‘Your Irish Girl’ air ag scaipeadh pictiúir de mhná ar bheagán éadach agus ábhar pornagrafaíochta.
Bliain roimhe sin, bhí sé ina scéal mór ar fud an domhain go raibh scannáin earótacha á gcur suas ar an suíomh idirlín YouTube faoi ainmneacha Gaeilge. Chonaic an té a chuardódh an focal ‘scannán’ ar YouTube liosta fada de na scannáin faoi theidil éagsúla ar nós FÁSTA Te Iodáilis Eroitca Scannán Docteur Popaul, Hot Scannán Fad Iomlán Deis Deiridh HD 2014 agus Scannáin Hot Seapáin Gnéas 2014 Gnéas Múinteoir.