Labhair eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, le Cuan Ó Seireadáin, Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, faoi stair an Chonartha agus muid ag druidim i dtreo 125ú breithlá na heagraíochta, faoin bhféiniúlacht agus faoin gciníochas, faoin milliún duine atá anois ag foghlaim na Gaeilge ar Duolingo, chomh maith le tuairimí Chuain faoin léitheoireacht i nGaeilge.
Taifeadadh an t-eagrán seo de Pod don Eolach in oifig Tuairisc.ie i mBearna.