Don tríú bliain as a chéile, tá ainmniúchán ‘Colúnaí na Bliana’ faighte ag scríbhneoir a dhéanann a seacht ndícheall cuidiú a thabhairt do agus grá a scaipeadh i measc léitheoirí NÓS. Fógraíodh inniu gur ainmníodh Kathryn Ní Mhaoláin do Cholúnaí na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais as a colún crá croí, ‘Comhairle Carad’. Ainmníodh Seán Ó Dubhchon agus Aedín Ní Thiarnaigh don ghradam chéanna as a gcuid scríbhneoireachta ar NÓS in 2022 agus 2023 faoi seach.
As Carn Tóchair i gContae Dhoire ó dhúchas, theagasc Kathryn sa chóras Gaeloideachais ar feadh cúpla bliain sula ndeachaigh sí a thaisteal ar fud an domhain. Saor ón lá oibre 9-5, thosaigh Kathryn podchraoladh (@silimthatpod) ina bpléann sí muinín agus féinchúram le héisteoirí agus le haíonna.
I mí na Nollag anuraidh, shocraigh Kathryn colún crá croí a thoiseacht darb ainm ‘Comhairle Carad’. Glacann Kathryn le gach saghas ceiste. Grá? Sea, glacann sí leis sin. Troid teaghlaigh? Siúr, ar ndóigh. Gnéas? Creid nó ná creid…glacann sí leis na ceisteanna sin fiú.
Mhothaigh Kathryn go raibh sí ag iarraidh tuilleadh cuidithe a chur ar fáil lasmuigh den phodchraoladh amháin agus chothaigh sí caidreamh daingean le léitheoirí NÓS le freagraí agus comhairle ar féidir brath orthu.

Agus an grá scaipthe go maith aici, anois an t-am chun an grá sin a thabhairt ar ais. Labhair NÓS le Kathryn faoi cad é mar a mhothaíonn sí faoin ainmniúchán.
“Tá mé ar bís a bheith ar an ghearrliosta go háirithe ar an ábhar go bhfuil sé ar an fhód le bliain go díreach, agus gurb é an chéad cholún riamh atá scríofa agam. Mar dhuine a tháinig isteach i saol na Gaeilge mar dhéagóir agus mar fhoghlaimeoir trí ranganna oíche, clubanna óige agus cúrsaí Gaeltachta, is mór an phribhléid a bheith ar ghearrliosta le cainteoirí dúchasacha agus le daoine a raibh oideachas trí Ghaeilge acu.
“Tá go leor foghlamtha agam ó thosaigh mé Comhairle Carad i mí na Nollag 2023, agus tugaim na ceachtanna sin liom gach seachtain agus mé i mbun pinn. Is cúis mhór bhróid é dom fosta a bheith ar an chéad cholúnaí as Carn Tóchair a ainmníodh don ghradam seo. Beidh mé bródúil agus buíoch go deo as pobal Charn Tóchair.”
Deir Kathryn nach raibh sí ag dúil go dtabharfaí an oiread seo aitheantais di agus don cholún i ndiaidh beagnach bliain de bheith ag scríobh.
“Is cinnte nár shíl mé go bhfaighinn aitheantas den chineál seo nuair a thug mé faoin cholún sa chéad dul síos. Thaitin sé liom i gcónaí colúin den chineál seo a léamh i mBéarla, fiú agus mé óg, agus bhí mé ar bís go díreach an deis a fháil tabhairt faoina leithéid trí Ghaeilge.
“Is breá liom go bhfuil an deis ann ceangal le pobal léitheoireachta NÓS ar an dóigh idirghníomhach seo agus tá mé an-bhuíoch de gach duine a sheol ceist isteach. Is libhse an colún seo chomh maith.”
Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne ón 30 Deireadh Fómhair go 1 Samhain. Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an chéad oíche san Airéine INEC.