Tá éacht nach beag déanta ag na Gaeil ar na mallaibh ag an Celtic Media Festival sa Bhreatain Bheag. Thug Lynette Fay agus Raidió na Life na duaiseanna, Láithreoir na Bliana agus Stáisiún na Bliana faoi seach, abhaile leo ó Caerdydd ag tús na míosa.
Déanann an Celtic Media Festival ceiliúradh bliantúil ar chláracha teilifíse, cláracha raidió, scannáin agus tuilleadh eile a dhéantar sna meáin tríd na teangacha Ceilteacha. Tá an fhéile ar an fhód le 45 bliain anuas, ag tabhairt ardán do chraoltóirí, stiúrthóirí agus láithreoirí a chuireann na teangacha Ceilteacha chun cinn ina gcuid saothair.
Ní ar Lynette agus Raidió na Life amháin a bhí an t-ádh. Bhuaigh an The Lovers ina mbuaileann oibrí ollmhargaidh le podchraoltóir polaitiúil, faoi stiúir Justin Martin, scannán grinn na bliana ar son na hÉireann, agus ghlac RTÉ an duais Cúrsaí Reatha abhaile as an chlár faisnéise ‘RTÉ Investigates: Sex for Rent’.
Labhair NÓS le Lynette Fay faoin bhua iontach a ghnóthaigh sí agus faoina clár, ‘The Lynette Fay Show’ ar BBC Raidió Uladh. Is “spás uathúil” é an clár do mhná, le meascán ceoil agus comhrá, pléann Lynette le sláinte, torthúlacht, saol an teaghlaigh, agus gairmeacha.
Ní fhanann sí glan ó na nithe collaí ach oiread. Iarrann Lynette ar na haoichainteoirí tuairimí a nochtadh faoi cén dóigh a gcuirtear leis an saol gnéis le linn an mheanapás agus cén dóigh leis an chíochbheart cheart a roghnú.
“Bhí mé an-sásta leis an ainmniúchán – go háirithe le bheith ainmnithe i measc na laochra craoltóireachta a bhí ar an liosta i mbliana. Bhí iontas an domhain orm nuair a léadh amach m’ainm.
“Tá clár ar leith á chur i láthair agam faoi láthair a phléann go hionraic cúrsaí na mban – ár gcorp, meabhairshláinte, saol an tuismitheora, cairdeas, obair, sochaí, an saol agus tugaim ardán do cheoltóirí Éireannacha fosta.
“Oibríonn foireann bheag ar an chlár agus is iontach na scéalta is na pearsantachtaí a aimsímid le teacht ar an aer. Buíoch beannachtach go mbíonn an pobal sásta a scéalta a insint dom!”
Beidh Lynette Fay agus Raidió na Life ag coinneáil orthu leis na cláracha iontacha a sholáthar do phobal na Gaeilge sa todhchaí. Is féidir éisteacht le ‘The Lynette Fay Show‘ ar BBC Sounds.