Tá láithreoirí deonacha le Gaeilge á lorg ag an stáisiún Dublin City FM leis an gclár gcultúir, Cultúr sa Chathair, a chur i láthair, chomh maith le clár nua Gaeilge a bheidh ag tosú ar an stáisiún go luath.
Tá lucht an stáisiúin sa tóir ar dhuine a bheadh in ann trí mhí, ar a laghad, a chaitheamh leis an stáisiún, ach tá súil acu láithreoirí a mhealladh a fhanfaidh i bhfad níos faide ná sin. Maraon leis an obair a dhéantar leis na stáisiúin Ghaeilge sa gcathair, Raidió na Life agus Raidió Rí Rá, is obair dheonach atá i gceist leis an obair seo ar Dublin City FM, ach cuirfear oiliúint i scileanna raidió ar an duine a ghlacfaidh leis an ról, sa gcás is go bhfuil a leithéid ag teastáil.
Tá Dublin City FM ar an bhfód le 25 bliain anuas ag freastalaíonn an stáisiún ar mhionhpobail éagsúla san ardchathair, ina measc pobail eitneacha, aosaigh, daoine a bhfuil sainspéis cheoil nó spóirt acu, agus mionlaigh éagsúla eile. Tá béim ar leith ar chraoltóireacht na mban, freisin, ar an stáisiún.
Go dtí seo, ba í Louise Ní Dháibhéid a bhí sa gcathaoir ar Cultúr sa Chathair, agus pléadh “cultúr na nGael agus gach a bhaineann leis” ar an gclár, idir cheol, litríocht, damhsa, agus eile. Is clár irise a bhíonn ann agus cuirtear agallamh ar dhaoine éagsúla ó shaol na n-ealaíon ann agus cloistear ceol, idir shean agus nua, ó cheoltóirí aitheanta Gaelacha.
I measc na gcláracha eile a chraoltar ar Dublin City FM, tá cláracha a dhíríonn ar chúrsaí LADT+, cúrsaí réalteolaíochta, cúrsaí gnó in Éirinn, saol na ndaoine atá faoi mhíchumas agus clár faoin obair atá ar bun ag eagrais éagsúla charthanachta sa gcathair.
Tá tuairim is 150 oibrí deonacha ag obair leis an stáisiún, idir láithreoirí, léiritheoirí, innealtóirí agus riarthóirí, agus tá roinnt mhaith daoine atá anois aitheanta i saol na meán in Éirinn tar éis seal a chaitheamh leis an stáisiún, an láithreoir aimsire Nuala Carey ina measc.