Tá dhá shaothar Gaeilge ainmnithe i rannóga éagsúla do Ghradaim Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann. Fógraíodh an gearrliosta tráthnóna aréir agus tá na scríbhneoirí Darach Mac Con Iomaire agus Eimear Ní Choisdealbha ainmnithe dá gcuid oibre ar Leaba an Bháis agus Ros na Rún faoi seach.
Is é Darach Mac Con Iomaire a scríobh an dráma raidió Leaba an Bháis a craoladh ar an gclár Drama On Onear RTÉ Radio One i mí Mhárta 2020. Insítear ann scéal Frank, fear a thit de dhíon an tí agus atá i gcóma agus siondróim iniata air. Cloistear chuile shórt mar a chloiseann Frank é – na comhráite a bhíonn ag a mhuintir ina thimpeall, caint na n-altraí agus na ndochtúirí – agus gan a fhios ag na daoine eile sa seomra gur féidir le Frank iad a chloisteáil. Bhuaigh an dráma an gradam don dráma is fearr in Éirinn ag Gradaim IMRO 2020 agus bhí sé ar an ngearrliosta don ‘Dráma Eorpach Is Fearr’ ag Gradaim Closdrámaíochta BBC i mbliana. Tá Darach Mac Con Iomaire ainmnithe sa rannóg ‘Dráma Raidió’.
Is í Eimear Ní Choisdealbha a scríobh an script d’eagrán 26 de shraith 25 den sobalchlár cáiliúil Ros na Rún a bhíonn á chraoladh ar TG4 ar an Máirt agus ar an Déardaoin. Craoladh an t-eagrán seo den chéad uair i mí na Nollag anuraidh. Tá Eimear ainmnithe sa rannóg ‘Dráma Leanúnach’.
Tá Gradaim Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann á mbronnadh le 14 bliain anois agus bronntar seacht ngradam i rannóga éagsúla. Tá an scríbhneoir Gaeilge Richie Conroy ainmnithe i rannóg na drámaíochta teilifíse dá chuid oibre ar an sraith Bhéarla Malory Towers.
“Léirítear a iontaí is atá scríbhneoirí na hÉireann, idir scríbhneoirí stáitse, scáileáin agus raidió, ar ghearrliosta na bliana seo. Is gearrliosta é atá lán go béal le tallann agus meascán de ghlórtha nua agus seanfhondúirí. Is suntasach an rud é gur aimsigh na scripteanna seo lucht féachana agus éisteachta in 2020 i bhfianaise ar an tionchar mór a bhí ag an bpaindéim ar an earnáil. Tá ríméad orainn a bheith in ann scríbhneoirí na hÉireann a cheiliúradh arís leis na Gradaim Zebbie,” a dúirt cathaoirleach Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann Jennifer Davidson.