Línte vótála do ‘Réalta Óg na Bliana’ oscailte

Tá na línte vótála don ghradam ‘Réalta Óg na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 oscailte go hoifigiúil anois. Tá seisear ar liosta na bliana seo, agus iad uilig ag saothrú i ngort na teilifíse agus an raidió. 

Tá Emma Ní Chearúil, a bhfuil go leor scríofa aici do NÓS i gcaitheamh na mblianta, ainmnithe i mbliana dá cuid oibre le Raidió na Life, mar a bhfuil sí ina clár-reachtaire faoi láthair. Tá comhghleacaí Emma i Raidió na Life, Ola Majekodunmi, ainmnithe don ghradam céanna i mbliana. 

Tá Gráinne Bleasdale, atá ina láithreoir ar an gclár Junior Eurovision ar TG4; Séamus Ó Scanláin, a bhíonn ag léamh na nuachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bhí sa gcathaoir ar an gclár Iris Aniar ar feadh tamaill; Caitríona Ní Dhomhnaill, a bhíonn i ról Shorcha ar Ros na Rún; agus a comhghleacaí ón gclár céanna Seán Ó Ciardha, uilig ar an liosta freisin. 

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar Réalta Óg na Bliana, agus beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae ar an 29 Deireadh Fómhair, an lá roimh an searmanas bronnta gradam ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Citywest, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. 

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltaí óga atá ar ghearrliosta na bliana seo . Tugann gradam Réalta Óg na Bliana spreagadh agus uchtach do na daoine óga atá tosaithe amach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus ag déanamh a marc ann cheana féin. Guím gach uile rath orthu sa ghairm uasal seo agus tá súil agam gur chun leas ár sochaí a rachaidh a gcuid buanna breátha i gcónaí,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. 

An tseachtain seo caite, fógraíodh gearrliosta na rannóg eile ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tá Sinéad Ní Uallacháin, a bhíonn ag scríobh go rialta do NÓS faoi imeachtaí siamsaíochta ó cheann ceann na tíre, ainmnithe dá cuid oibre le RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

SCÉALTA EILE