Bhí cláracha raidió agus teilifíse Gaeilge i measc na mbuaiteoirí móra ag Féile na Meán Ceilteach 2016, a bhí ar siúl i nDún Garbhán, Port Láirge, le déanaí.
Féile iomráiteach í seo a dhéanann ceiliúradh ar na cláracha is fearr a rinneadh sna tíortha Ceilteacha le bliain anuas, bíodh siad sa teanga áitiúil dhúchais nó i mórtheanga ar nós an Bhéarla nó na Fraincíse.
I mbliana bronnadh ceann de na príomhghradaim, Spiorad na Féile – a thugtar do chlár teilifíse a léiríonn anam agus luachanna na féile féin – ar an tsraith chumachtach ‘Cuimhní ón mBlascaod’ a craoladh ar TG4 agus a insíonn scéal na ndaoine a chónaigh ar an Bhlascaod Mór go dtí 1953.
Thuas tá léiritheoir na sraithe Gerry Gregg in éineacht le láithreoirí na féile, Eibhlín Ní Chonghaile agus Irial Ó Ceallaigh.
Ba é Dónall Mac Ruairí (thuas) ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a fuair an lámh in uachtar ar chraoltóirí móra le rá as Albain agus as an Bhreatain Bheag chun Pearsa Raidió na Bliana a thabhairt leis agus bronnadh an duais don Chlár Siamsa Teilifíse is fearr ar shraith mhór TG4, ‘Pioc do Ride’.
Léirigh an clár ‘GaelGÁIRÍ ar an Raidió’ gur féidir le raidió pobail dul in iomaíocht le, agus an bua a fháil ar, stáisiúin náisiúnta nuair a thóg sé an gradam le haghaidh an Chláir Ghrinn Raidió is fearr agus tháinig an áis litríochta Ghaeilge, Léigh Linn, a chruthaigh Declan McGrath agus Katie McGreal (thíos), amach ag barr na rannóige don Aip is fearr chomh maith.
Ar bharr na mbuanna a fuair na Gaeil thuas luaite bhí beirt chainteoir Gaeilge eile buach de bharr cláracha atá déanta acu i mBéarla, mar a bhí Proinsias Ó Coinn a bhuaigh an duais don Chlár Fáisnéise Raidió is fearr, ‘Lacrimosa’, a craoladh ar BBC Raidió 4 agus an craoltóir John Toal ar ar bronnadh an gradam don Irischláir Raidió is fearr dá sheó seachtainiúil ar BBC Raidió Uladh.
D’éirigh le dhá chlár Gaeilge as Albain, ‘Mire ri Mòir aig a’ Mhòd’ agus ‘Spòrs na Seachdain’ ó BBC Radio nan Gaidheal an duais don Chlár Ceoil agus don Chlár Spóirt is fearr a bhuachan faoi seach chomh maith.
Mar aon leis na gradaim féin, cuireadh painéal phlé, imeachtaí gréasánaithe agus ócáidí eile eolais ar siúl don 500 duine a d’fhreastail ar an fhéile trí lá.
Agus é ag cur clabhsúir le cúrsaí, dúirt Cathaoirleach Fhéile na Meán Ceilteach, Pádhraic Ó Ciardha ó TG4, gurbh í an fhéile is mó go dtí seo agus go bhfuiltear ag súil go mór leis an fhéile a thabhairt go hOileán Mhanann den chéad uair riamh in 2017.
Liosta iomlán buaiteoirí ó Fhéile na Meán Ceilteach 2016:
BEOCHAN
Dimitri à Ubuyu
An Bhriotáin
AIP
Léigh Linn
Éire
EALAÍONA
Ted Hughes: Stronger than Death
Alba
PÁISTÍ
The Legend of Longwood
Éire
DAOINE ÓGA
Fog of Sex: Stories from the frontline of student sex work
An Bhreatain Bheag
GEARRDHRÁMA
Boogaloo and Graham
Éire
DRÁMA AONAIR
Yr Ymadawiad
An Bhreatain Bheag
GREANN
The Savage Eye: An Irish Guide to Failure
Éire
CÚRSAÍ REATHA
RTÉ Investigations Unit – Inside Bungalow 3
Éire
SRAITH DRÁMAÍOCHTA
Poldark
Corn na Breataine
SIAMSA
Pioc do Ride
Éire
SIAMSA FÍORASACH
Keepin Er Country
Éire
SRAITH FHÍORASACH
Crumlin
Éire
CLÁR AONAIR FÍORASACH
One Million Dubliners
Éire
SPÓRT
The Notorious
Éire
GRADAM KIERAN HEGARTY LE hAGHAIDH NUÁLAÍOCHTA
Man on Bridge
Éire
GREANN RAIDIÓ
GaelGÁIRÍ ar an Raidió
Éire
FÁISNÉIS RAIDIÓ
Lacrimosa
Éire
IRISCHLÁR RAIDIÓ
The John Toal Show
Éire
CLÁR CEOIL RAIDIÓ
Mire ri Mòir aig a’ Mhòd
Alba
PEARSA RAIDIÓ
Dónall Mac Ruairí
Éire
CLÁR SPÓIRT RAIDIÓ
Spòrs na Seachdain
Alba
STÁISIÚN RAIDIÓ NA BLIANA
RTÉjr
Éire
SPIORAD NA FÉILE
Cuimhní ón mBlascaod
Éire