Tá deireadh na bliana tagtha arís, agus tá sé in am againn súil a chaitheamh siar ar na hailt is mó a tharraing bhur n-aird i gcaitheamh 2019. Tháinig méadú mór ar líon na léitheoirí rialta a bhí ag NÓS ó thús na bliana seo, agus beidh tuairisc iomlán faoi sin ar an suíomh Lá Caille.
Tá súil againn gur thaitin an t-ábhar a cuireadh ar fáil, idir ailt, fhíseáin, chartúin, phodchraoltaí agus eile lenár léitheoirí ar fad i mbliana agus tá muid ag súil le bliain mhór mhaith libh in 2020.
30 — Humans of An Fáinne Seolta ar Instagram
Chuir Conradh na Gaeilge tús le leathanach nua ar Instagram i mí Eanáir, ar a n-insítear scéalta na gcainteoirí Gaeilge a chaitheann an Fáinne. Bhí súil ag an gConradh “an íomhá atá ag daoine áirithe” de lucht caite an Fháinne a athrú. Tá os cionn 1,500 leantóir ar Instagram anois ag an togra agus agallamh curtha ar bheagnach 60 duine.
Bhí ceist na teorann Briotanaí in Éirinn go mór i mbéal an phobail ó thús deireadh na bliana agus an Bhreatimeacht ina crá croí do mhuintir na hÉireann trí chéile. Ach is léir go raibh ceist níos tábhachtaí fós ar bhéal, nó ar theanga, na nGael faoin teorainn. Chíoraigh Micheál Mac an Bheatha an tseancheist shíoraí — cé acu is fearr, Tayto an deiscirt nó Tayto an tuaiscirt?
28 — Adventure Time as Gaeilge ar TG4
Bhí sceitimíní ar go leor agaibh faoin scéala go mbeadh an cartún iomráiteach Adventure Time á chraoladh i nGaeilge ar TG4 an fómhar seo caite. Rinne Macalla Teo athghuthú ar Finn, Jake agus an ‘Lumpy Space Princess’ (nó an Banphrionsa Cnapach), agus craoladh an chéad séasúr de ar an stáisiún Gaeilge i mí Mheán Fómhair.
27 — An Cailín déghnéasach sa Chathair
Tá an Cailín sa Chathair ar dhuine de na scríbhneoir is buaine atá ag NÓS. Bhí sí linn sa chéad eagrán thiar in 2008 agus tá sí linn agus muid ar tí tús a chur leis na 2020idí. Ach bhí lá mór aici i mbliana nuair a tháinig sí amach go cróga dá léitheoirí mar dhuine den phobal LADT. Chuir sí síos san alt maith seo faoin bhféincheistiú agus an streachailt a bhí aici lena gnéasúlacht féin sular thuig sí gur déghnéasach í, agus faoi na deacrachtaí a bhí aici an t-eolas sin a roinnt le daoine eile.
26 — Eoin Keane agus a Bhrace
Bhris ár gcolúnaí Eoin Keane a mhuineál níos luaithe i mbliana agus b’éigean dó cúpla seachtain a chaitheamh i dteanntán muiníl. Rinne sé cur síos barrúil san alt seo faoina thaithí nua leis an mbrace agus an chaoi ar athraíodh a dhearcadh saoil de bharr na timpiste.
25 — #Gaeiltober
Cuireadh tús le feachtas iontach nua i mbliana, #Gaeiltober, ar na meáin shóisialta. Spreag giolc ó Ailís Nic Aoidh (https://twitter.com/gaelgigolos) na céadta duine an Béarla a chaitheamh in aer ar na meáin shóisialta ar feadh míosa agus gan ach an Ghaeilge a úsáid ar Twitter, Instagram, Facebook agus eile. Feachtas breá ón bpobal aníos a bhí anseo agus d’éirigh leis 1,070 ‘Gaeilgeoir nua’ a mhealladh, dar le hanailís a rinne Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri ar úsáid na Gaeilge ar Twitter le linn mhí Dheireadh Fómhair.
24 — Na 10 Logainm is Scanrúla in Éirinn
Aimsir na Samhna thug Michelle Dunne ar thuras uafáis muid timpeall na tíre trí lionsa Logainm.ie agus cuairt á tabhairt againn ar na logainmneacha ‘is scanrúla’ in Éirinn. Ar dhreap tú Sliabh na Caillí riamh? Nó ar shiúl tú trí Ghort an Ghósta? Thar Dhroichead an Phúca? Nó céard faoin ngiota talún i gContae Dhoire a spreag an Bleá Cliathach Bram Stoker lena úrscéal cáiliúil Dracula a scríobh?
23 — Cén fáth nach bhfuil tusa ag caitheamh an Phoipín?
Bíonn achrann ann i gcónaí i Sasana, agus amanna in Éirinn, faoin gcailleach dhearg, nó an Poipín mar a thugtar ar shuaitheantas cuimhneacháin na Breataine. D’éirigh lenár gcartúnaí iontach, Ciaraíoch, a sheafóidí is a bhíonn cuid de na hargóintí sin ar son an Phoipín sa gcartún cliste seo.
22 — Todhchaí NÓS
Tá todhchaí NÓS fós idir dhá cheann na meá agus muid ag fanacht ar scéala oifigiúil ó Fhoras na Gaeilge faoina bhfuil i ndán do na foilseacháin Ghaeilge; Tuairisc.ie, NÓS, agus Comhar. I mí Lúnasa d’iarr muid oraibhse ár léitheoirí teacht i gcabhair orainn agus achainithe a sheoladh chuig an bhForas ar ár son. Rinne sibh an-jab agus beidh muid buíoch díbh go deo as an ngairm sin a fhreagairt.
21 — Cionnus atá tú? Comhtheanga na Mórghaeltachta
Scríobh Ciarán Dunbar roinnt mhaith píosaí faoin ‘EadarGhaelg’ ar NÓS i gcaitheamh na mblianta, ach músclaíodh spéis athuair san ábhar níos luaithe i mbliana. Léigh go leor daoine seanailt le Ciarán faoin gceist, agus spreag an tsuim nua seo ina chuid oibre é le tuilleadh a scríobh faoin ‘gcomhchanúint’ a d’fhorbair sé do chainteoirí Gàidhlig, Gaeilge agus Gaelg. Bunaithe ar an gcoincheap taobh thiar den teanga Interlingua, scríobh sé faoi chóras a chur le chéile a chabhródh leis na Gaeil éagsúla labhairt le chéile gan mórán stró.
20 — Gailearaí Fhéile na Gealaí
Thosaigh Póilín Nic Géidigh ag obair linn i mbliana agus is muid atá buíoch di! Tá cáil anois uirthi mar Bhanríon na Bingeála ar Netflix, ach ba é an chéad rud a rinne sí dúinn ná gailearaithe grianghraf a chur le chéile ó imeachtaí Gaelacha ar fud na tíre. Bhí Póilín i lár an aonaigh ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn ghlas na Mí an samhradh seo agus thóg na pictiúir iontacha seo ann.
19 — Madadh Dháire Ní Chanáin
Bhí Dáire Ní Chanáin ar coláiste in iarthar na tíre an bhliain acadúil seo caite, agus choinnigh sí dialann álainn mhacánta ghreannmhar i gcaitheamh na bliana inar chuir sí síos ar an iliomad rudaí a bhaineann le saol an mhic léinn. Bhí an-tóir i gcónaí ar thuairimí Dháire ach thaitin an ceann seo faoina mhadra beag Olly go mór libh.
18 — Graifítí na nGael
Thug Eoin P. Ó Murchú ar camchuairt timpeall na hÉireann muid i mí Eanáir na bliana seo caite le súil a chaitheamh ar na cineálacha éagsúla graifítí a chleachtann na Gaeil.
17 — An tAontas Ceilteach
Bhí go leor leor cainte faoin Aontas Eorpach, Aontas na Breataine, an Ríocht Aontaithe, agus na Stáit Aontaithe ann i mbliana, ach tharraing an t-alt seo ó Mhaitiú Ó Coimín go leor airde nuair a chéadfhoilsíodh é i mí na Bealtaine agus arís eile ag tús na míosa seo. Cén chuma a bheadh ar an Aontas Eorpach dá roinnfí ina gcoda ‘cothroma’ é? An éireodh go maith leis an Aontas Ceilteach?
16 — 9 gCineál Duine a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta
Bhain Seaghan Mac an tSionnaigh gáire asaibh an samhradh seo caite leis an alt grinn seo faoi na cineálacha daoine a bhíonn le feiceáil i gConamara, i gCorca Dhuibhne agus i nGleann Cholm Cille samhradh i ndiaidh samhraidh. An aithníonn tú duine ar bith de na foghlaimeoirí fásta seo? Nó an aithníonn tú thú féin iontu?
Foilseofar an chuid eile den liosta seo amárach.