Na hailt is mó léamh ar NÓS in 2021

Tá an bhliain 2021 ag druidim chun deiridh agus is beag duine a shíl é cothrom an ama seo anuraidh go mbeadh muid sa mbád pollta céanna faoi cheann dhá mhí dhéag – ‘d’éag an bhliain inar chuir muid dóchas!’. Is fíor go bhfuil an dara nó an tríú snáthaid faighte ag formhór mór na ndaoine fásta in Éirinn faoin am seo, ach is fíor freisin go bhfuil a lorg fágtha ag na ‘hathraithigh’ (cé gur fearr linn i bhfad ‘malartach’ sa chiall nua agus sa tseanchiall!) ar an saol in Éirinn.

Ainneoin na hainbhlian(t)a atá curtha dínn againn, bhí bliain mhaith eile ann do NÓS agus é in am againn súil siar a chaitheamh ar na hailt is mó a tharraing aird na léitheoirí ó thús deireadh na bliana. Beidh tuairisc iomlán ar na staitisticí léitheoireachta don iris ar an suíomh Lá Caille.

Thosaigh roinnt mhaith scríbhneoirí nua linn i mbliana – ár gcolúnaí ollscoile Kate Scott as Conamara agus ár gcócaire Aoife Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne mar shampla – agus chuir muid fáilte arís roimh scríbhneoirí a bhí linn cheana agus a tháinig ar ais arís – ár gcolúnaí Máire-Treasa Ní Cheallaigh ina measc.  Tá súil againn gur thaitin an t-ábhar a cuireadh ar fáil: idir ailt, fhíseáin, agus eile lenár léitheoirí ar fad i mbliana, agus tá súil againn go mbeidh tú linn agus muid ag leanacht orainn in 2022. 

30. Is fearr ‘cha’ ná ‘ní’ a úsáid – Eadar-Ghaelg IV

Thosaigh an t-iriseoir Ciarán Dunbar ag scríobh faoin ‘Eadar-Ghaelg’ ar NÓS os cionn cúig bliana ó shin. Tá an ‘teanga’ bunaithe ar choincheap na ‘Interlingua’, teanga a cumadh ar an Mór-Roinn atá intuigthe do chainteoirí na dteangacha Rómánsacha. Tá an ‘Eadar-Ghaelg’ bunaithe ar Ghaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, agus Gaeilge Mhanann, agus cuireann Ciarán a smaointe faoi na bealaí a d’fhéadfaí canúint ‘nua’ a thuigfeadh na Gaeil sna trí náisiún a chur le chéile. Seo an ceathrú halt sa tsraith iomráiteach le fear Chontae an Dúin agus pléitear ann an mhír dhiúltach ‘cha/ní’ agus ceisteanna eile.

29. Logainmneacha Mheiriceá – Gaelaithe!

Tá cúpla léarscáil tarraingthe ag Eoin P Ó Murchú dúinn i gcaitheamh na mblianta agus bíonn an-éileamh orthu i gcónaí. Foilsíodh an ceann seo den chéad uair ar NÓS ag tús na paindéime, i mí Mhárta 2020. Bíonn sé i mbéal an phobail arís agus arís eile – go mór mór i measc ár léitheoirí i Meiriceá aimsir Lá na Saoirse agus Lá an Altaithe, féilte móra na tíre sin.

28. Is rialacha bréagacha gan bhunús iad cuid na de rialacha gramadaí

Rinne ár gcolúnaí Eoin Ó Cróinín ‘dhá phointe tábhachtach’ nó ‘dhá phointe thábhachtacha’ ina léirmheas ar an leabhar Dreyer’s English leis an gcóipeagarthóir Benjamin Dreyer. Shnigh Eoin saineolas Dreyer ar an mBéarla lena thuiscint agus a thuairimí féin ar ghradamach na Gaeilge in alt a thaitin go mór le saoithíní teanga NÓS.

27. Arracht le taispeáint i bpictiúrlanna an mhí seo chugainn

Taispeánadh an scannán mór faoin Drochshaol Arracht in Éirinn den chéad uair ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath cúpla seachtain sular cuireadh an chéad dianghlasáil i bhfeidhm. Ach an oiread leis na céadta scannán eile a eisíodh in 2020 agus 2021, cuireadh na gnath-thaispeántais i bpictiúrlanna na tíre siar ar feadh míonna fada. Ar deireadh thiar thall, bhí an scannán le feiceáil i bpictiúrlanna áirithe timpeall na hÉireann agus níos faide i gcéin i mí Dheireadh Fómhair.

26. ‘Sin deireadh ráite, mar sin adieu’

Pic: Seán Ó Mainnín

Fuair an tAthair Tomás Ó hIceadha bás i mí Aibreáin na bliana 2021, duine a chuaigh i bhfeidhm go mór ar ár gcolúnaí Duibhneach Sláine Ní Chathalláin. Scríobh Sláine óna croí faoin tionchar a bhí ag an Athair Ó hIceadha ar a saol agus ar mhuintir Chorca Dhuibhne trí chéile san alt álainn seo in ómós an tsagairt mhairbh.

25. ‘An bhfuilimid ag díriú ar chainteoirí nua amháin?’ – Dán nua ó Cholm Mac Gearailt faoi na meáin Ghaeilg

Chuir an file Colm Mac Gearailt dán nua amach i mí Mhárta na bliana seo ina ndearna sé iniúchadh ar chultúr na meán sóisialta i gcomhthéacs shaol na Gaeilge. D’fhiafraigh Colm ina dhán ‘An Gael-eagar’ cé ar a bhfuil na meáin Ghaeilge dírithe ar líne agus agus na bhfuiltear “ag tabhairt neamhaird” ar chainteoirí áirithe Gaeilge.

24. FÍSEÁN: ‘Siúcra’ – gearrscannán nua faoin nGaeilge

Chuir lucht na hamharclainne Axis i mBaile Munna gearrscannán faoin nGaeilge, Siúcra, amach i mí an Mhárta freisin. Phléigh an t-aisteoir Roxanna Nic Liam a caidreamh leis an nGaeilge agus an tionchar a bhí ag an teanga uirthi i monalóg sa ghearrscannán. Pléitear go dátheangach ann téamaí éagsúla ar nós áilleacht na Gaeilge mar theanga, a háit i mBaile Átha Cliath, na castachtaí agus deacrachtaí a chuireann as don fhoghlaimeoirí, agus ról na teanga i bhféiniúlacht na nÉireannach. Ba í Roxanna féin a scríobh agus a léirigh an gearrscannán, Cathal Mac an Bheatha a stiúir, agus lucht Axis Bhaile Munna a choimisiúnaigh.

23. Na scannáin is fiú a fheiceáil in 2021

Mar a luaigh ár léirmheastóir scannán Saoirse Ní Chiaragáin sa chéad alt a scríobh sí i mbliana, ní raibh mórán dóchais ag muintir na hÉireann go mbeadh muid ag dul chuig an bpictiúrlann go luath in 2021. Is beag an baol a shíl muid, áfach, nach n-osclófaí na pictiúrlanna i gceart go ceann trí mhí agus go mbeadh srianta áirithe fós i bhfeidhm iontu faoi Nollaig 2021. Tá seans maith ann nach bhfaca tú cuid de mholtaí Shaoirse sa phictiúrlann nó nach bhfaca tú ar chor ar bith iad – mura bhfaca cuir ar an liosta do 2022 iad, agus má chonaic beidh liosta nua ag Saoirse duit gan mhoill!

22. ‘Ba cheart coláiste samhraidh a bhunú do chainteoirí dúchais’

Mhol Aifric Ní Scolaí, bean óg Ghaeltachta a chaith a hóige ag breathnú ar ghasúir ag teacht go Cois Fharraige samhradh i ndiaidh samhraidh le spórt agus spraoi a bheith acu ann, go gcuirfí ar bun ‘coláiste samhraidh’ do chainteoirí dúchais na Gaeltachta.

‘Is éard a mholaimse ná coláiste samhraidh a mhairfeadh trí seachtaine, ionas go rachaidh na scoláirí i gcleachtadh ar an Ghaeilge a bheith mar theanga cumarsáide eatarthu. Tá sé de nós ag déagóirí gan Gaeilge a labhairt le chéile, fiú más í an Ghaeilge a gcéad teanga. Bhí mé féin ar an gcraic chéanna.’

21. ‘Céasadh atá ann breathnú ar fheasachán de chuid Nuacht TG4 anois’

Scríobh an t-iarthuairisceoir de chuid Nuacht TG4, agus colúnaí rialta le NÓS, Máire-Treasa Ní Cheallaigh colún tuairimíochta i mí Lúnasa na bliana seo inar chuir sí síos ar an ‘gcéasadh’ a bhíonn ann do dhuine a bheadh ag breathnú ar fheasacháin nuachta de chuid na seirbhíse sin.

“Tá an tseirbhís briste. Níl sé sách maith don lucht féachana (an méid acu atá fanta) agus níl sé sách maith ach oiread don fhoireann atá ag iarraidh a bheith ag obair go fuinniúil, ach nach bhfuil an deis sin á tabhairt dóibh.”

20. ‘Conas is féidir le hoifigeach pleanála teanga duine a mhealladh lena shaol a chaitheamh trí Ghaelainn?’

‘Cinnte, deineann an teanga saibhir sinne, a bhfuil sí ar a toil againn agus is mó deiseanna fostaíochta agus eile a thagann inár dtreo dá réir. Sin é an t-ábhar meallta a bhíonn agam féin nuair a bhíonn cainteanna á dtabhairt agam babhtaí do scoláirí meánscoile, atá ag cuimhneamh ar a ngairmeacha beatha amach anseo. “Bain triail aisti. Cad atá le cailliúint agaibh?” a deirim.’

Scríobh Sláine Ní Chathalláin (atá ar an liosta seo den dara huair anois!) colún siar i mí Feabhra faoin bpleanáil teanga ina ceantar dúchais féin, Corca Dhuibhne.

19. 6 bhotún choitianta sa Ghaeilge

Bíonn an t-alt seo, a scríobhadh le cúnamh ó fhoireann Ghaelchultúir in 2015, i measc na n-alt is mó léamh bliain i ndiaidh bliana – agus údar maith leis sin! Seo samplaí de na botúin is mó a chloiseann teagascóirí Ghaelchultúir ó fhoghlaimeoirí Gaeilge agus moltaí chun feabhais don té ar mhaith leis feabhas a chur ar a chuid scileanna teanga féin. 

18. ‘Deas cairdiúil agus lách leis na gasúir’ a bhí Patrick Dempsey in Inis Meáin

Chuir muintir Inis Meáin i gContae na Gaillimhe an-fháilte roimh an aisteoir mór le rá as Meiriceá Patrick Dempsey nuair a thug sé cuairt ar an oileán beag Gaeltachta i gcaitheamh an tsamhraidh. Casadh príomhoide na meánscoile san oileán Mairéad Ní Fhátharta ar Patrick agus í ag dul síos chuig an trá.

“Bhí sé seasta i lár an bhóithrín, stop sé muid agus lig air féin gur Garda a bhí ann. Bhain sé gáire asainn, agus bhí sé an-deas, an-chairdiúil, agus an-lách leis na gasúir. Bhí grúpa daoine leis, agus cuireadh in aithne dúinn é. Bhí an leagan Gaeilge dá ainm féin ar eolas aige – ‘Pádraig, that’s my name’ a dúirt sé linn,” a dúirt Mairéad le NÓS. 

17. Caifé nua dátheangach ar oscailt i mBaile Átha Cliath

D’oscail Hazel de Nortúin Caifé Glic, caifé dátheangach, i mBaile Formaid i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa 2020 ach ní raibh an deis aici é a oscailt i gceart go dtí 2021 mar gheall ar scaipeadh an víris Covid-19. Tá rogha caife, tae, nó seacláid the ar fáil sa chaife, agus is féidir bia a cheannach fos idir bhricfeasta agus lón. Bíonn íogairt, tósta, coirce agus a leithéid ar fáil ar maidin agus anlanna agus ceapairí ann ag am lóin, chomh maith le cácaí milse agus an ‘affogato’ — an mhilseog chaife a dhéantar as uachtar reoite, espresso, caramail an tí, agus cnónna úr-rosta.

16. Seasann TG4 lena chinneadh ábhar ‘maslach’ a chraoladh ar BLOC

https://twitter.com/BLOCTG4/status/1394714400297209858

Tharraing TG4 agus Conradh na Gaeilge conspóid orthu féin i mí na Bealtaine leis an bhfíseán seo a léirigh an eagraíocht teanga don chainéal idirlín BLOC. Foilsíodh físeán ar ardáin éagsúla ina bhfuil an pearsa meán sóisialta James Kavanagh le feiceáil agus Paidir an Tiarna á rá aige i stíl AMSR. I ráiteas a cuireadh ar fáil do NÓS dúirt urlabhraí de chuid TG4 go “seasann TG4 leis an gcinneadh eagarthóireachta” an físeán a chur amach.

SCÉALTA EILE