Na hailt is mó léamh in 2018: 14-1

Foilsíodh inné an chéad chuid de liosta na n-alt is mó léamh ar NÓS i gcaitheamh na bliana 2018. Inniu, foilsítear an dara cuid den liosta sin agus arís eile tá togha na n-alt, na bhfíseán, na gcartún agus míreanna eile ón mbliain seo caite curtha le chéile againn daoibh. 

Tá ábhar ann ó sheanchairde na hirise, ar nós Eoin P Uí Mhurchú; tá ceol ó leithéidí KNEECAP agus Mhéabh Ní Bheaglaoich; tá seacht gcartún le Ciaraíoch; agus tá ábhar idir throm agus éadrom a chorraigh ár léitheoirí chun gáire nó chun caointe. 


14. Ní Gá a Rá le hÉinne

Tháinig scannal Cervical Check chun solais ag tús an tsamhraidh, agus chorraigh scéalta tragóideacha na mban a d’fhulaing éagóir náireach an tír uilig. Is measc na mban sin bhí Emma Mhic Mhathúna i gCorca Dhuibhne a labhair go cróga faoin ailse a bhí uirthi ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chonaic ár gCiaraíoch féin scáth na bhfeall eile a rinneadh ar mhná na hÉireann sa scéal agus tharraing sí an cartún cumhachtach seo. 

13.  Black 47 millte ag an nGaeilge atá ann

Thosaigh Eoin Ó Dubhghaill ag scríobh léirmheasanna scannán do NÓS ag tús na bliana 2018, agus bíonn léargas maith aige i gcónaí ar na scannáin is nua sna pictiúrlanna chuile mhí. Bhí spéis mhór ag muintir na hÉireann sa scannán faoin Drochshaol Black 47 a tháinig amach sa bhfómhar, agus ar ndóigh bhí muid ar bís tuairim Eoin air a chloisteáil. Cé gur thaitin an scannán leis ar an mórchuid, dúirt Eoin gur bhain an iarracht lag a rinneadh ó thaobh na Gaeilge de den scannán trí chéile. 

12.  GRMA, a MTS – na giorrúcháin is coitianta ar Twitter 

Rinne an ríomheolaí aitheanta, Kevin Scannell, anailís ar na giorrúcháin Ghaeilge is coitianta ar Twitter agus tháinig aníos le liosta fíorspéisiúil de na nathanna nua-aimseartha is mó a bhíonn i mbéal an phobail — leasainm Mháirtín Tom Sheáinín RTÉ RnaG ina measc! 

11. Brú Do Bhealach Féin – Amhrán na hAoine le Pádraig Jack 

Amhrán ón gcartlann a roinneadh go forleathan in 2018. D’eisigh Pádraig Jack, as Árainn, ‘Brú Do Bhealach Féin’ in 2016. 

Is éard atá mé ag rá ná gur ceart do dhaoine a rud féin a dhéanamh den saol, cuma cad atá ar siúl ag daoine eile. Déan do rud féin, gan ligean den méid atá ar siúl ag daoine eile cur isteach ort.

10. Amhrán na nGael — Amhrán na hAoine le Méabh Ní Bheaglaoich 

Amhrán eile na hAoine ar liosta na bliana seo agus an boscadóir agus amhránaí Duibhneach Méabh Ní Bheaglaoich mar réalta sa mír seo. 

Tá sé tábhachtach cuimhneamh go bhfuil an oiread sin saibhris atá againn anseo, leis an gceol, leis an dteanga, leis an stair, leis an bhfilíocht, leis na healaíona i gcoitinne.

9. 10 nDeasú Gnéis…as Gaeilge

Ba é seo an t-alt is mó léamh chuile bhliain ó bhí 2015 ann ar NÓS, ach tá sé ag uimhir a naoi i mbliana  — léiriú go bhfuil tóir mhór ag na Gaeil ar an gcollaíocht! 

8. CCBT? An FMT An8? 3CAG? 

Chuir Eoin P Ó Murchú an liosta seo de ghiorrúcháin na Gaeilge le chéile i mí Feabhra agus bhí an-tóir go deo ar an alt féin agus ar na grafaicí a chuaigh leis. Ar ndóigh spreag an t-alt seo alt eile atá ar an liosta (12) faoi na giorrúcháin is mó i mbéal an phobail ar Twitter.

7. Rinneadh éigniú orm ach ní rachainn chun na cúirte 

Alt cumhachtach, brónach, scanrúil ó pheann Chaoimhe Ní Chathail faoi eachtra uafásach a bhain di. Moladh crógacht Chaoimhe go hard ar fud na meán sóisialta agus traidisiúnta as alt chomh hionraic macánta seo a scríobh. 

6. C.E.A.R.T.A — Amhrán na hAoine le KNEECAP

Lán tagairtí do dhrugaí agus do shaol uirbeach na cóisireachta, tá greann gáirsiúil agus lorg den aoir fiú le brath sna liricí ina bhfuil réaltaí TG4 luaite mar aon le “moll marijuana ag teacht isteach go ciúin fríd sléibhte Chonamara”.

5. FÍSEÁN CEOIL: Stócach Brocach le Wheatus 

Meascadh íomhánna ón stiúideo i Nua-Eabhrac ina ndearnadh an taifead den leagan nua Gaeilge leis an seanfhíseán ceoil, a rinneadh don leagan Béarla beagnach 20 bliain ó shin, chun an físeán ceoil Gaeilge a dhéanamh. 

4. Fir Ghaeltachta V Fir Ghalltachta — Cé acu is blasta?

Tháinig an t-alt cartlainne seo (2016) ón gCailín sa Chathair chun solais arís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite agus scaipeadh ina loscadh sléibhe é ar na meáin shóisialta. 

3. Ciallaíonn ‘Tá’ ‘It is’

An cartún ó Chiaraíoch is mó a thaitin libh in 2018 —  tráth a raibh an stát ag plé cheist an ghinmhillte sna 26 Contae, bhí saoithíní de Bhéarlóirí ag gearán faoi fhógraí Gaeilge a bheith míchruinn!

2. ‘Is Sinne Óg’ — Amhrán Gaeilge Picture This 

Amhrán a eisíodh ón albam CEOL 2018 agus an-tóir go deo air ó mhí Lúnasa ar aghaidh

1. Thug Tú Cead Dó

Dán cumhachtach le Dáire Ní Chanáin a chuaigh i bhfeidhm ar go leor.

SCÉALTA EILE