Tá fógartha ag eagarthóir nua NÓS, Maitiú Ó Coimín, gur i gConamara a bheidh an iris chultúir Ghaeilge lonnaithe feasta agus slán á fhágáil ag an iris le Béal Feirste tar éis deich mbliana. Is ar an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh foireann na hirise lonnaithe agus súil ag Ó Coimín an oifig i mBéal Feirste a fhágáil faoi dheireadh na seachtaine seo.
Dúirt sé go bhfuil “a seal caite” ag NÓS i mBéal Feirste, cathair a bunaithe, agus go bhfuil sé in am an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál a fhágáil agus aistriú siar go Conamara “mar a bhfuil na meáin Ghaeilge ar fad lonnaithe”. Is i gContae na Gaillimhe atá a gceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, agus an suíomh nuachta Tuairisc.ie.
“Is é Conamara an ceantar is láidre Gaeltachta sa tír agus an áit a bhfuil na príomheagraíochtaí meán cumarsáide Gaeilge lonnaithe le fada an lá, chomh maith le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Luíonn sé le réasún gur ansin a bheadh NÓS lonnaithe freisin. Tá Béal Feirste go deas ach b’fhearr don iris a bheith lonnaithe i gceantar a bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomtheanga na háite ar bhonn laethúil ann.
“Chomh maith leis sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfágfaidh an Bhreatimeacht teorainn chrua ar an oileán arís agus dá bhfanfadh NÓS i mBéal Feirste ba ar an taobh mícheart den chlaí a bheadh muid agus gan Acht Gaeilge i bhfeidhm ó thuaidh agus an dlús cainteoirí Gaeilge níos airde ó dheas,” a dúirt Ó Coimín.
Gheall sé freisin go bhfágfadh an t-aistriú seo a rian ar an nGaeilge a léitear ar NÓS feasta. Leagadh béim nach beag ar Ghaeilge Uladh nuair a chéadbhunaíodh an iris in 2008 agus bhí an bhéim sin fós le braith go dtí an lá atá inniu ann.
“Is i nGaeilge Chonnacht a bheidh na hailt á bhfoilsiú feasta. Ar ndóigh, ní dhíbreofar aon scríbhneoir ó fhoireann NÓS agus coinneoidh muid na scríbhneoirí breátha Ultacha atá ag soláthar alt dúinn le blianta fada, ach cuirfear Gaeilge na háite ar a saothar anois sa gcaoi is go mbeidh leanúnachas le léamh ar an iris,” a dúirt sé.
Tuairiscítear go bhfuil spéis léirithe ag an ngníomhaí teanga Linda Ervine sa spás oifige a fhágfaidh NÓS ina dhiaidh sa gCultúrlann agus súil aici ranganna sa bProtastúnachas a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge Iarthar Bhéal Feirste.