NÓS san iomaíocht!
Na Gradaim Chumarsáide chugainn

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge an gearrliosta le haghaidh na nGradam Cumarsáide Gaeilge inniu agus tá áthas orainn a rá go bhfuil 3 ainmniúchán faighte ag NÓS.

Gradaim bhliantúla iad seo a thugann aitheantas do na láithreoirí teilifíse agus raidió, iriseoirí agus aisteoirí a bhfuil éacht bainte amach acu sna meáin chumarsáide le linn 2008 agus tá réimse leathan pearsantachtaí agus cláracha san iomaíocht sna rannóga éagsúla arís i mbliana.

Tá Eagarthóir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, ainmnithe sa rannóg ‘Iriseoir na Bliana’, mar aon le Teicneolaí NÓS, Diarmuid Ó Muirgheasa, agus tá ár n-aoi speisialta féin, An Cailín sa Chathair, luaite sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’.

Is léir go bhfuil ábhar, dearadh agus obair iomlán NÓS ag dul i bhfeidhm ar an saol mór agus tá an fhoireann ar fad ag súil go mór leis an ócáid bhronnta, a bheas ar siúl i dTeach Farmleigh, BÁC, Dé hAoine 22 Bealtaine 2009.

Seo thíos an gearrliosta iomlán:

1. CLÁR/SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
An GAA @ 125 Bliain (TG4)
In the Name of the Fada (RTÉ)
Scannal (RTÉ)
Seacht (TG4 & BBC TÉ)

2. PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Dáithí Ó Sé (TG4)
Dara Ó Cinnéide (Seó Spóirt – TG4)
Páidí Ó Lionaird (TG4)
Seán Mac an tSíthigh (Nuacht TG4)

3. AISTEOIR NA BLIANA
Joe Steve Ó Neachtain (Ros na Rún & Stáitse)
Linda Bhreathnach (Seacht)
Mac Dara Ó Flatharta (Ros na Rún)
Michelle Beamish (Seacht)

4. CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA
Adhmhaidin (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Blas (BBC Raidió Uladh)
Na Giollaí Deacra (Raidio Fáilte)
Pop Nuacht (Raidió Rí-Rá)
Rónán Beo @ 3 (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

5. PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Daragh Ó Tuama (Newstalk)
Eibhlín Ní Chonghaile (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Eoghan Ó Néill (Raidió Fáilte)
Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
Miriam Maher (Raidió Rí-Rá)

6. CLÓ: IRISEOIR NA BLIANA
Diarmuid Ó Muirgheasa (NÓS)
Eoghan Ó Néill (An Druma Mór/Nuacht 24)
Máirtín Ó Catháin (Foinse)
Pól Ó Muirí (Irish Times/Comhar)
Tomaí Ó Conghaile (NÓS/Nuacht 24)

7. CLÓ: COLÚNAÍ NA BLIANA
An Chailín sa Chathair (NÓS)
Cathal Mac Coille (Foinse)
Concubhair Ó Liatháin (iGaeilge)
Mac Dara Mac Donncha (Foinse)

8. BUAIC GHRADAM CUMARSÁIDE
Antaine Ó Donnaile (BBC Thuaisceart Éireann)
Bob Collins (RTÉ/TG4/Eile)
Eoghan Ó Néill (Lá/An Druma Mór/Blas)
Seán Bán Breathnach (RTÉ Raidió na Gaeltachta)