Le breis agus 10 mbliana anuas, is é Seachtain an t-aon nuachtán Gaeilge atá ann.
Ach tá sé beartaithe ag comhlacht nua, Gaelmheáin Teoranta, nuachtán nua a sheoladh ag an Oireachtas ag tús mhí na Samhna – is rún é an t-ainm a bheas air.
Is é Caoimhín Ó Cadhla, gníomhaí Gaeilge, atá taobh thiar den togra. Fostaí de chuid Chonradh na Gaeilge is é Ó Cadhla ach ghlac sé sos gairme chun dul i mbun an nuachtán a bhunú.
Creideann sé go láidir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh páipéar clóite ar díol agus le feiceáil ar fud na tíre.
Is gann líon na laethanta go dtí lá seolta an nuachtáin ach tá Ó Cadhla muiníneach go nochtfar an nuachtán i gCill Airne Dé Sathairn an Oireachtais:
“Táimid ag obair le naoi mí anuas ar an togra seo. Tá go leor déanta, idir phlean gnó, spás oifige a eagrú, cuideachta a eagrú, is ar eile. Tá iarratas déanta le hÚdarás na Gaeltachta chun deontas a fháil.
“Tá ailt á scríobh faoi láthair don nuachtán, chomh maith le dearadh an nuachtáin agus dearadh suímh a phlé agus táimid ag plé le clódóirí agus dáileoirí chun a chinntiú go mbeidh sé sna siopaí,” a dúirt sé.
“Mothaímid go bhféadfaimid níos mó ábhar a chur isteach sa nuachtán ach táimid ag tosú le 16 leathanach le feiceáil an féidir linn an t-ualach oibre sin a bhainistiú.”
Beidh an nuachtán dírithe “ar phobal na Gaeilge” agus “ar aon duine atá in ann Gaeilge a léamh.”
Is í fís Uí Chadhla go mbeadh an-éagsúlacht ar fáil sa nuachtán ó thaobh dearcthaí de.
“Dar le daoine áirithe, tá easpa éagsúlachta sna meáin in Éirinn. Ba mhaith linn é sin a cheartú trí ghuthanna ó phobail éagsúla a fheiceáil sa nuachtán, amhail scríbhneoirí a fháil ó phobal na n-inimirceach, ón bpobal LADTA+, daoine atá faoi mhíchumas,” a dúirt sé.
Ar cheist na Gaeilge – tá Ó Cadhla cinnte go mbeidh saoirse ag an nuachtán a bheith ag plé na ceiste gan faitíos:
“Ní bheidh an nuachtán ag brath go hiomlán ar fhógraíocht stáit, beidh formhór an ioncaim don nuachtán ag teacht ó dhíolachán an nuachtáin.
“Ní bheimid ag brath ar chomhlachtaí poiblí amháin, beimid ag lorg fógraí ó chomhlachtaí Gaeltachta agus comhlachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge, agus fiú amháin ó chomhlachtaí móra má tá siad sásta fógraí i nGaeilge a chur ar fáil.
“Tuigimid go bhfuil fórsaí sa tsochaí a chuirfeadh brú orainn líne eagarthóireachta faoi leith a thógáil ach tá saoirse an phreasa mar cheart i mBunreacht na hÉireann agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Mar sin, ní bheidh drogall orainn ar chor ar bith dúshlán ceart a thabhairt don stát.”
Is rud mór é nuachtán ar bith a bhunú, gan trácht ar nuachtán Gaeilge, aithníonn Ó Cadhla sin:
“Cinnte, tá sceitimíní orm. Táim ag súil leis an seoladh agus leis an gcéad eagrán a fheiceáil sna siopaí, ach ag an am céanna tá mé neirbhíseach, tá mé ag guí go n-éireoidh leis an nuachtán.”
Seolfar an nuachtán nua, a bhfuil a ainm faoi rún fós, ag Oireachtas na Samhna ag deiread na míosa.