Nuair a bheidh mé mór, tá mé ag iarraidh a bheith i mo bhall de How to Gael

Scaifte breá Gaelach a bhailigh sa Róisín Dubh oíche Déardaoin do sheó beo How to Gael i nGaillimh, agus caithfidh mé a rá gur bhain mé sult as achan uile bhomaite de.

Nuair a tháinig an grúpa How to Gael (Doireann Ní Ghlacáin, Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc) le chéile ar dtús, is cinnte go raibh suim agam ann. Triúr ban cumasach a raibh a lorg fágtha acu ar earnáil na craoltóireachta cheana féin ag teacht le chéile le hábhar nua Gaeilge a fhoilsiú ar líne. Ar dóigh, a shíl mé, ach bhí mé idir dhá chomhairle faoin ábhar dátheangach a gheall siad.

Cé go bhfuil ábhar d’fhoghlaimeoirí iontach tábhachtach, measaim nach bhfreastalaíonn ábhar dátheangach ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu de ghnáth. Bíonn sé measartha gimmicky in amanna le cúpla focal Gaeilge caite isteach de ghrá na cosúlachta anois is arís. Ní maith liom go mbíonn tionchairí agus comhlachtaí ar líne ag baint úsáid as an Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge agus ag fágáil ina ndiaidh í faoi dheireadh mhí an Mhárta. Is fearr é sin ná rud ar bith, cinnte, ach cuireann sé olc orm go fóill.

Bhí mé buartha nach sásódh How to Gael gach a raibh de dhíth orm mar sin, ach admhaím anois go raibh mé go hiomlán mícheart.

Éistim leis an phodchraoladh go rialta anois agus bím ag súil leis an chéad eagrán eile gach seachtain. Bíonn an t-ábhar iontach nádúrtha, gan mórán eagarthóireachta déanta air, agus pléann na mná téamaí atá iontach ábhartha do dhaoine ina 20idí agus ina 30idí. Is breá liom an dóigh a bhfuil suimeanna agus pearsantachtaí éagsúla ag an triúr acu agus go mbíonn an deis ag an lucht éisteachta aithne cheart a chur orthu.

Grianghraf: Doireann Ní Ghlacáin, Síomha Ní Ruairc agus Louise Cantillon i mbun an tseó. (Creidmheas: Áine Ní Dhonnaile)

Ní bhíonn aon scoilt idir an Ghaeilge agus an Béarla ach an oiread agus is ar éigean a thugaim an t-athrú teanga faoi deara ar chor ar bith.

Tá an ceol aitheantais cosúil le ton diailithe anois dom, ar nós go bhfuil mé ag cur scairt nó FaceTime ar chairde liom le haghaidh comhrá seachtainiúil. Bím chomh sáite sin sa chomhrá go mbím ag pléascadh amach ag gáire agus mé ag éisteacht leis.

Níor lig na mná síos mé leis an seó beo ach an oiread. Bhí fuinneamh iontach ón triúr acu agus iad gléasta chomh galánta lena bhfaca mé riamh. Bhí an seit chomh deas réchúiseach sin nár mhothaigh mé go raibh muid ag seó ar chor ar bith. Oíche i measc cairde a bhí ann i ndáiríre, cúpla deoch ag gach duine againn agus na deora linn ag gáire.

Nach orainne a bhí an t-ádh fosta gur tháinig Piaras Ó Lorcáin amach le cúpla amhrán a cheol agus comhrá a bheith aige leis na mná. Bhí mé ag iarraidh Piaras a fheiceáil beo le tamall agus ní hamháin go raibh sé chomh maith agus a shíl mé ach thug sé leis Gaeilge Uladh, a bhíonn in easnamh ar an ghrúpa de ghnáth! 😉

Cé nach ndíríonn How to Gael ar fhoghlaimeoirí, freastalaíonn siad ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge agus ar dhaoine a bhfuil beagán Gaeilge acu ar bhealach nádúrtha furasta, agus is áis foghlama den scoth é an podchraoladh le píosaí beaga Gaeilge a thabhairt leat gan a bheith i do shuí ag rang nó ciorcal comhrá. Mholfainn go mór do dhuine ar bith éisteacht leo, beag beann ar an leibhéal Gaeilge atá acu.

Beidh seó deireanach na camchuairte ar siúl oíche Aoine, 14 Márta 2025 in Amharclann an Ambasadóra, Baile Átha Cliath.

SCÉALTA EILE