Post faighte ag colúnaí de chuid NÓS le RnaG i gCasla

Tosóidh colúnaí de chuid NÓS, Máirtín Seoighe as Gaillimh, ina phost nua le RTÉ Raidió na Gaeltachta i gceannáras an stáisiúin i gCasla i nGaeltacht na Gaillimhe an tseachtain seo.

Déardaoin a chuirfidh Máirtín tús lena chuid oibre i nGarraí Pheter William agus é ag plé le Nuacht an Iarthair, na feasacháin nuachta do na ceantair Ghaeltachta i nGaillimh agus Maigh Eo agus do chúige Chonnacht i gcoitinne.

Is de bhunadh na Trá Báine i gCeantar na n-Oileán i nGaeltacht Chonamara é Máirtín Seoighe, ach tógadh i Ros Cathail taobh amuigh d’Uachtar Ard ar imeall na Gaeltachta é.

Thosaigh sé ag scríobh do NÓS tuairim is bliain ó shin agus bíonn an-éileamh go deo ar a chuid alt, ailt ina bpléitear cúrsaí Gaeltachta agus teanga den chuid is mó. Tá roinnt oibre déanta ag Máirtín don ardán BLOC freisin.

Tá spéis ar leith ag Máirtín sa nGaeltacht, go mór mór i gceantar a mhuintire, agus i saibhreas teanga na gceantar in iarthar na Gaillimhe.

Mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é.

SCÉALTA EILE