Raidió Rí Rá 10 mbliana ar an bhfód!

Tá an stáisiún cairtchláir Raidió Rí-Rá deich mbliana ar an bhfód agus tá ceiliúradh beartaithe ag lucht an stáisiúin do Sheachtain na Gaeilge 2018.

Beidh an stáisiún ag craoladh ar mhinicíocht FM ar feadh deich lá mar chuid den cheiliúradh sin agus beidh clár speisialta ag NÓS ar an aer le linn na tréimhse sin. Beidh aíonna speisialta ar an gclár, buaiteoirí Ghradaim Cheoil NÓS ina measc, chomh maith le roinnt rannpháirtithe ó Pod don Eolach, podchraoladh NÓS. Craolfar an clár speisialta beo ar an 11 Márta ó stiúideo Raidió Rí-Rá i gceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Thug bainisteoir an stáisiúin, Niamh Ní Chróinín, le fios do NÓS go mbeidh “roinnt aoi-láithreoirí” i mbun cláracha i gcaitheamh na ndeich lá agus go mbeidh “comórtais speisialta” á bhfógairt sna laethanta amach romhainn freisin.

Tá craoladh speisialta le socrú le Raidió na dTreabh, an stáisiún pobail Gaeilge i gcathair na Gaillimhe chomh maith, agus beidh roinnt mhaith iar-láithreoirí ag teacht ar ais chuig an stáisiún le páirt a ghlacadh i gcláracha comórtha.

Beidh an stáisiún á chraoladh ar mhinicíocht FM i gceithre chathair — Baile Átha Cliath (105.2FM), Corcaigh (106.7FM), Gaillimh (87.7FM) agus Luimneach (105.5FM). Beidh an craoladh ar siúl ón 3 go dtí an 12 Márta, ach táthar in ann éisteacht le Raidió Rí-Rá ó cheann ceann na bliana ar an suíomh idirlín atá acu, www.rrr.ie, agus ar an aip nua a seoladh anuraidh.

Dúirt Niamh Ní Chróinín le NÓS go bhfuil sé “deacair a chreidiúint” go bhfuil Raidió Rí Rá deich mbliana ar an bhfód agus go bhfuil “an-áthas” ar lucht an stáisiúin tús a chur leis an gcraoladh speisialta.

“Tá an-áthas orainn a bheith in ann an tréimhse seo a dhéanamh ar FM le linn Bhliain na Gaeilge agus le linn Sheachtain na Gaeilge. Beidh eolas againn faoi imeachtaí Bhliain na Gaeilge agus Sheachtain na Gaeilge ar bhuille na huaire agus beidh míreanna spóirt, scannánaíochta agus nuacht siamsaíochta le cloisteáil go rialta,” a dúirt sí.

Dúirt Niamh gur “cúis bhróid” di féin a bheith mar bhainisteoir ar an stáisiún agus deich mbliana a bhunaithe á cheiliúradh.

“Ó bunaíodh an stáisiún i 2008, tá na céadta daoine tar éis tréimhsí a chaitheamh ag craoladh ar Raidió Rí-Rá, tá láithreoirí Raidió Rí-Rá tar éis ceardlanna raidió a dhéanamh sna céadta scoileanna timpeall na tíre & táimid an-bhródúil as na halbaim CEOL atá curtha le chéile againn. Táimid an-bhródúil chomh maith as an seirbhís a chuirimid ar fáil,” a dúirt sí.

Bunaíodh an stáisiún i mBaile Átha Cliath in 2008 agus ó shin i leith táthar ag craoladh ar ardáin éagsúla ar fud na tíre. Is iondúil go mbíonn an stáisiún beo ar FM ar feadh Sheachtain na Gaeilge, bíonn sé ar fáil ar an gcóras DAB freisin agus ar an aip. Ó bunaíodh an stáisiún, tá roinnt mhaith réaltaí móra Éireannacha tar éis páirt a ghlacadh i gcláracha raidió nó ceol Gaeilge a thaifeadadh do na bailiúcháin cheoil a eisítear gach bliain. Ina measc siúd tá Bell X1, Heathers, Glen Hansard, Riptide Movement, agus The Coronas.

Bíonn ceol ó na cairteacha le cloisteáil ar Raidió Rí-Ra chomh maith le míreanna popnuachta, nuacht spóirt, agus nuacht faoi scannáin mhóra.

Tá an stáisiún ag lorg €1.6 milliún ón gceadúnas teilifíse leis an “gcéad chéim eile a thógáil” agus stáisiún Gaeilge FM uile-oileánda don aos óg a dhéanamh den stáisiún idirlín. Léiríodh i staidéar a rinneadh os cionn deich mbliana ó shin go raibh tacaíocht láidir i measc an phobail do stáisiún raidió don aos óg.

“Táimid 10 mbliana ar an bhfód & táimid réidh an chéad chéim eile a thógáil. An sprioc a bhí ag Raidió Rí-Rá ón tús ná go mbeadh an stáisiún ag craoladh mar stáisiún lán-aimseartha FM. Tá gá le seirbhís raidió Gaeilge ar FM atá ag craoladh ar fud na tíre & atá ag díriú ar dhaoine óga. Táimid ag obair go dian ar seo faoi láthair agus tá go leor oibre le déanamh, ach táimid an-dóchas go mbeidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar na aerthonnta i ngach áit sa tír go luath,” a dúirt Niamh.

SCÉALTA EILE