60 Soicind le…

Is craoltóir ar Classic Hits 4 FM í Barbara Nic Dhonncha a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún gach Domhnach idir 8-10in. Bhí sí mar mholtóir le déanaí do Ghradaim Cheoil NÓS 2015 agus labhair sí linn faoi na gigeanna ar fad ag a raibh sí thar na blianta, an t-amhrán ‘La Bamba’, a cara is fearr agus an file Maya Angelou.


1. Cárb as duit?

Is as an Tuairín, Conamara, mé.

2. Trí rud a ritheann leat tú nuair a shamlaíonn tú do cheantar dúchais?

An fharraige, na daoine agus ag obair taobh amuigh! (chomh maith le spraoi sna garrantaí)

3. Dráma nó scannán?

Ceist dheacair! An féidir liom freastal ar an amharclann agus an phictiúrlann ag an am céanna?! Má chaithim rogha a dhéanamh… dráma.

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Seachas taisteal timpeall na hÉireann (is breá liom í), thaithin Albain go mór liom. Beidh mé ag dul ar ais.

5. Céard í an ghig is mó a thaitin leat riamh? Cén fáth?

Tá an t-ádh liom go bhfuil go leor de na bannaí ceoil agus ceoltóirí is fearr liom feicthe agam: BellX1, The Frames, Jimmy Eat World, Lisa Hannigan, Snow Patrol ach caithfidh mé a rá, mar nár cheap mé go bhfeicfeadh mé ar stáitse go deo iad, Rage Against the Machine.

6. An t-amhrán/píosa ceoil is mó a chuireann tú ar siúl?

‘La Bamba’ le Los Lobos, nó port breá Gaelach!

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha muna mbeifeá i do láithreoir raidió?

Bheinn ag scríobh. B’fhéidir go mbeidh fós, scríobhaim filíocht, scéalta, drámaí, ach ní mórán daoine a bhfuil siad léite acu!

8. An bhfuil aon aiféala agat?

Níl. Ach sin mar go bhfuil an cinneadh déanta agam gan ligint d’aon aiféala mé a scriosadh mar ní dhéanfadh sé ach fuinneamh a bhaint díom ar féidir liom a chur isteach i rudaí eile.

9. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Nuair a chaith mé am le mo chara is fearr Ailbhe Ní Chonghaile! Thaithin ceol (taithníonn i gcónaí) go mór linn agus bheith ag freastal ar ceoilchoirmeacha agus féilte cosúil le Witnness.

BnicD-agus-The-Crossfire

10. Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?

Mo mhuintir, m’fhear agus mo chairde.

11. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Ceol is dócha! Mar, mura thaithin ceol leo mar a thaithníonn liom féin, seans maith nach mbeadh an oiread céanna dúil agam iontu. Áit éigin ar féidir píosa cainte a dhéanamh freisin.

12. Trí mhothúchán a chuireann síos ort nuair atá tú ar aer?

– Ar muin na muice! An mothúchán é sin?
– Áthas
– Suim

13. Céard í an tsraith teilifíse/scannán is fearr leat?

Is breá liom scannáin na Coen Brothers…

14. Cad é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?

Gach rud! Gaeilge go háirithe.

15. Cén pearsa stairiúil is mó atá cosúil leat?

Níl a fhios agam an bhfuil aon phearsa cosúil liom – aon tuairim ag aon duine? D’fhoghlaim mé go leor ó Maya Angelou fiú nár chas mé léi ariamh, seans go mbím ag iarraidh a bheith cosúil léi. Bhí sí spreagúil.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, cad a dhéanfá leis?

É a chaitheamh

17. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

An Astráil. Mar go bhfuil cara maith liom ann nach bhfaca mé le roinnt blianta agus airím uaim í.

18. Cad é an t-amhrán is mó a thaitníonn leat?

Amhrán Gaeilge ar bith. ‘Cuan na Beirtrí Buí’, ‘An Cailín Álainn’.. tá go leor ann!

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Bím ró-ghéarr orm féin. Ach mar go bhfuil aird anois agam air, seans go bhfeabhsóidh mé! Beagán. Is breá liom foghlaim agus bím ag iarraidh feabhsú i gcónaí.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Anuraidh bhronn Cumann Gaelach Ollscoil Bhaile Átha Cliath Gradaim de hÍde orm. Ba mhór an onóir dom í sin. Agus an PPI ‘Music Broadcaster of the Year’ a bhuaigh mé in 2011 freisin.

SCÉALTA EILE