Tá an chéad chlár sa tsraith nua ‘GaelGÁIRÍ ar an Raidió’ – a craoladh ar aerthonnta Raidió na Life Dé Luain – ar fáil anois don domhan mór ar Soundcloud.
Sraith faisnéise trí chuid atá i gceist, curtha i láthair ag láithreoir Raidió na Life Siobhán Seoighe, a leanann fuirseoirí de chuid an chlub ghrinn Ghaeilge agus iad i mbun an ruda is ansa leo: na Gaeil a chur ag gáire!
Sa chéad chlár is iad Andy Ó Faoláin, duine de bhunaitheoirí GaelGÁIRÍ, agus beirt fhuirseoirí as Corcaigh, Cillian Ó Braonáin agus Michael Mee, atá sa spotsolas.
I measc na bhfuirseoirí eile a bheas le cloisteáil le linn na sraithe tá: Martin Angolo, buaiteoir an Chortle Student Comedy Award; an fear ildánach agus duine eile de bhunaitheoirí GaelGÁIRÍ, Eoin P. Ó Murchú (a mbíonn a chuid saothair le léamh ar shuíomh na hirise seo); Kevin McAleer, a bhain clú agus cáil amach ar an chlár Nighthawks ar RTÉ; Aideen McQueen, atá ag saothrú a gairme mar fhuirseoir i Londain faoi láthair; Seán T Ó Meallaigh, buaiteoir An Gaeilgeoir is Greannmhaire ar TG4; agus an t-aisteoir agus scríbhneoir Hilary Bowen-Walsh.
Chomh maith le hábhar a taifeadadh ag oícheanta GaelGÁIRÍ, tá míreanna cainte fite fuaite fríd an chlár ina mbíonn na fuirseoirí ag díriú ar a ngnáthshaol taobh amuigh den stáitse, rud a chuireann go mór leis an tsraith.
An raibh a fhios agat, mar shampla, gur achtúire é Andy Ó Faoláin?!
Is é Cian Mac Carthaigh, bainisteoir Raidió na Life, a léirigh an tsraith, an fear céanna a bhí taobh thiar de mhórshraith Raidió na Life Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam, a ainmníodh sa ghearrliosta i rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais níos luaithe i mbliana.
Ag labhairt dó le NÓS, dúirt Cian gur tháinig an smaoineamh chuige chun sraith raidió a dhéanamh agus é i láthair ag an chéad ócáid le GaelGÁIRÍ i mBaile Átha Cliath tuairim is bliain go leath ó shin.
“An-oíche a bhí ann. Roinnt de na fuirseoirí, bhíodar ag tosú amach den chéad uair ach bhí an stuif an-ghreannmhar,” ar seisean.
“Cé go raibh siad ag caint i nGaeilge, bhí siad ag díriú ar gach saghas ruda a bhaineann le saol an lae inniu.
“Mhothaigh mé go raibh gá le sraith raidió a dhéanamh agus gurbh fhiú go mór é mar tá an t-ábhar an-mhaith.”
Mar a bhí ag an chéad oíche sin, is iomaí ábhar a dtéann na fuirseoirí i ngleic leis le linn na sraithe; ina measc Twitter, Tinder, gnéas, filíocht, cúrsaí polaitíochta, ól, drugaí agus rudaí eile nach iad.
Beidh an dara clár sa tsraith á chraoladh Dé Luain seo chugainn, 12 Deireadh Fómhair, agus ar fáil air ar Soundcloud go gairid ina dhiaidh sin.
Tugaigí cluas don chéad chlár agus ligígí amach GOA!