Agus a stáisiún raidió nua féin acu i lár chathair na Gaillimhe, tá lucht Raidió na dTreabh ag gluaiseacht chun tosaigh agus dhá huaire an chloig á chraoladh acu gach tráthnóna ó Luan go hAoine, idir 5in agus 7in.
Faoi láthair, bíonn Raidió na dTreabh ag sruthú ar an ardán ar líne Airtime Pro, óna stiúideo úr in Áras na nGael, Sráid Dhoiminic.
Ag labhairt le NÓS di, dúirt bunaitheoir an stáisiúin, Emma Ní Chearúil, go bhfuil “an-chuid féidearthachtaí” ag baint leis an chur chuige seo agus neart deiseanna le bheith ag fás.
“Tá ár gcainéal raidió féin againn ar Airtime – rnat.airtime.pro,” ar sí, “agus is féidir tiúnáil isteach chugainn ar do ghuthán nó ar ghléas glic ar bith gach tráthnóna ar laethanta na seachtaine nó podchraoladh a íoslódáil ó Soundcloud am ar bith.”
Tá comhéadán slachtmhar simplí ag an tseirbhís sruthaithe dar le Emma, a chiallaíonn go bhfuil sé an-éasca le húsáid do chraoltóirí agus d’éisteoirí an stáisiúin araon.
Chomh maith leis na cláir a bhíonn ag dul amach beo agus á réamhthaifead, tá comhchraoladh á dhéanamh acu le Raidió na Life gach Aoine agus iad ag súil lena mhacasamhail de shocrú a fhorbairt le Raidió Fáilte amach anseo.
“Is iontach go bhfuil muid in ann an t-ábhar ar fad a thabhairt le chéile agus á shruthú ar an aon ardán amháin,” arsa Emma.
“Tá naisc againn i Raidió na dTreabh le Flirt FM i gcónaí agus beidh cláir Ghaeilge á sruthú fríd an aip freisin sa bhliain úr.”
Ceann de na buntáistí móra a bhaineann leis an tseirbhís ná gur féidir na cláir nua a chur in airde ar Soundcloud agus á bhfógairt ar chuntas Twitter Raidió na dTreabh go huathoibríoch.
“Ó thosaigh an stáisiún ag craoladh i mí na Bealtaine ó stiúideo Flirt FM, tá lucht éisteachta dílis bainte amach againn trí Soundcloud ar líne agus tá sé tábhachtach go leanaimis orainn ag cur lenár lucht éisteachta ar na hardán uile.”
Admhaíonn Emma go bhfuil dúshlán i gceist leis an sceideal nua agus gur gá dóibh a bheith seiftiúil go maith le cinntiú go mbeidh ábhar éagsúil ar ardchaighdeán ag dul amach go rialta.
Cuidíonn sé nuair atá foireann bhreá craoltóirí taobh thiar den mhic, amhail Barbara Nic Dhonnacha (4FM) agus Mícheál Ó Ciaraidh (TG4), a bheas ar aer amárach.
Idir chláir chainte agus cheoil, tá réimse ábhar iontach sa sceideal a rachadh i bhfeidhm ar phobal uile éagsúil na nGael, ina measc sraith eisceachtúil faoi na Mormannaigh le Sinéad Ní Nuáin, nach bhfaighfeá ar stáisiún ar bith eile sa tír!
Dúirt Emma go bhfuil go bhfuil sí ag súil le seisiún traenála eile a reáchtáil chun fáilte roimh chraoltóirí úra sa bhliain úr.
Beirigí bua Raidió na dTreabh – beidh muid ag éisteacht libh!