Ag dul ar an mbunscoil, bhíodh Raidió na Gaeltachta ar bun seasta, ach oiread le go leor eile de Ghaeilgeoirí na tíre, is dóigh. Bhí turas leathuaire chuig an scoil orainn ar maidin, agus ar mhaithe le muid a choinneáil ciúin agus leis an bóthar a ghiortú de bheagán do Mhama, chastaí air Raidió na Gaeltachta.
Iris Aniar agus Adhmhaidin ar maidin, agus Rónán Beo ag dul abhaile. Bhí na fógraí uilig ar eolas de ghlanmheabhair agam féin agus ag cara liom a d’fhaigheadh síob linn, agus ár bhfocla féin curtha leis na míreanna ceoil réamhchláir.
Inniu féin, nuair a chloisim an fógra “tá sibh ag éisteach le RTÉ Raidió na Gaeltachta” cuimhním ar a bheith suite ar chúl an chairr, mo mhála scoile ar mo ghlúin agus muid ag dul siar trí Sheanadh Phéistín.
Tá stáisiún Raidió na Gaeltachta théis a bheith chomh fite fuaite le mo shaol is gur ar éigin a thugaim faoi deara amantaí é – ar an mbus ó Ghaillimh go Conamara, ag tógálaí agus iad ag obair taobh amuigh, ag Deaideo agus muid ag ithe greim sula dtabharfadh sé síob ar scoil dom agus, uair nó dhó, suite i gcarrchlós, sceallóga á bplacadh againn agus SBB ag tráchtaireacht ar chluiche iománaíochta.
Is deacair cuimhneamh ar ócáid nach raibh baint éigin ag Raidió na Gaeltachta leis. Ceanglaím i gcónaí i m’intinn le hOireachtas na Samhna é. D’éistíodh muid leis ar an mbealach chuig an bhféile, d’fhreastalaíodh muid ar chlár beo Rónáin sa lobby agus, ní nach ionadh, chastaí air aríst é agus muid ag bualadh bóthair maidin Dé Domhnaigh. Máirtín Tom Sheáinín a bhíodh sa Ródaí ag an am sin den lá, a chlár faoi lán tseoil agus maithe móra an deireadh seachtaine faoi agallamh aige.
Nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois, nó mar sin, chuaigh mé féin agus cara liom timpeall an óstáin (ceapaim gur i nGaoth Dobhair a bhí sé an bhliain sin), cóipleabhair inár lámha againn agus muid ag lorg autographs ó réaltaí TG4, RnaG agus chuile dhuine eile dár airigh muid caint orthu. Dar ndóigh bhí Máirtín Tom Sheáinín ar dhuine acu sin. Nach diabhaltaí óg a bhí muid le tosaí ag networkáil!
Anois agus Raidió na Gaeltachta ag déanamh ceiliúradh ar chaoga bliain ar an bhfód a thosaigh mé ag cuimhneamh ar routine raidió sin a bhíodh againn sa mbaile. Ní raibh sé riamh de nós agam a ghabháil ag lorg an raidió, is mó úsáid a bhainim as Spotify ná aon cheo eile le héisteacht le ceol. Pé scéal é, ní raibh aon chall dom a ghabháil á lorg, os rud é go mbíodh sé seasta ar bun na mbaile. Faighim corrthéacs anois agus arís, agus mé as baile, ag insint dom faoi agallamh a mbeadh spéis agam ann. Tá sé go deas agus mé thar lear a bheith in ann an ceangal sin a bheith agam leo siúd sa mbaile.
Airím uaim clár Rónáin mar sin féin – go háirithe nuair a chuimhním ar an áthas a bhíodh orm nuair a chastaí ar bun é tráthnóna théis scoile. Nuair a chloisfinn é bhíodh a fhios agam nach ag éisteacht leis an nuacht a bheinn (an rud ba leimhe ar domhan, dar liom agus mé ocht mbliana d’aois, agus mé in ann a bun ná barr a bhaint as an suim a bhí ag Mama ann) ach le ceol agus le hagallaimh a bhíodh i gcónaí meidhreach agus bríomhar!