Amhránaíocht uirbeach á ceiliúradh cois cuain

Anocht agus san oíche amárach déanfar comóradh ceart ar amhránaithe Gaeilge Bhéal Feirste nuair a thaifeadfar sraith nua cheoil do BBC Raidió Uladh.

Is iad laochra móra amhránaíochta na cathrach – Seán Mac Aindreasa, Breandán Ó Fiaich agus Éamonn Ó Faogáin ina measc – a bheas faoin spotsolas agus iad ar ardán in Ionad Duncairn i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Cuirfidh an t-amhránaí agus láithreoir aitheanta Gráinne Holland na ceoltóirí faoi agallamh, beo os comhar lucht féachana san ionad cultúrtha nua agus cloisfear roinnt amhrán an duine ó gach amhránaí.

Tá traidisiún láidir amhránaíochta Gaeilge i mBéal Feirste le fada an lá, cé nach bhfuil an clú céanna air is a bheadh ar an oidhreacht i gceantracha Gaeltachta in áiteanna eile ar fud na tíre.

Is traidisiún saibhir bródúil é a bhfuil a fhréamhacha le fáil i mbunú Ghaeltacht uirbeach Bhóthar Seoighe siar sna 60í, éacht stairiúil a rinne grúpa gníomhaithe óga Gaeilge a tháinig le chéile lena gcuid páistí a thógáil i dteanga na tíre.

Bhí siad uilig ina mbaill de Chumann Chluain Ard, cumann Gaelach lonnaithe in iarthar na cathrach, agus chaith siad cuid mhór ama i nGaeltacht Thír Chonaill ag taifeadadh agus ag éisteacht le hamhránaithe agus seanchaithe áitiúla.

Thug siad an fhilíocht, na scéaltaí agus na hamhráin ar ais go Béal Feirste leo agus is as sin a d’fhás an traidisiún amhránaíochta Gaeilge sa chathair.

Tá scéalta, amhráin agus craic den scoth i ndán don lucht éisteachta ar an dá oíche agus dá mba mhian leat bheith i láthair do thaifeadadh na sraithe seo díreach seol rphost chuig jennifer.goggin@bbc.co.uk

Is imeacht saor in aisce é agus osclaíonn na doirse ar 7in.

SCÉALTA EILE