‘An bhfuil aon mhaíomh eile ar mhaith libh a dhéanamh faoi Chorcaigh?’
Pod don Eolach ó Chorcaigh

D’éist eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, le Diarmuid Ó Mathúna, bunaitheoir an chaifé Pota, agus Siún Ní Mhuineacháin, mac léinn agus imreoir Ultimate Frisbee, agus iad ag maíomh as Corcaigh, agus ag labhairt faoi shraitheanna móra ar nós Star Wars agus Harry Potter, Féile na Gealaí a bheidh ar siúl i Ráth Chairn go luath, tuilleadh faoi a iontaí is atá Corcaigh, aiste bia ‘sláintiúil’ Shiún agus Gaeltacht na 21ú hAoise.

 

Taifeadadh an t-eagrán seo de Phod don Eolach i nGael-Taca i gcathair Chorcaí.