Ní bheidh am bricfeasta mar an gcéanna choíche arís.
Is cuid lárnach den sceideal ag aon stáisiún raidió é an sliotán maidine agus anois tá clár beo úrnua seolta ag stáisiún pobail Bhaile Átha Cliath, Raidió na Life, chun tús spleodrach a chur leis an lá.
An Bricfeasta Blasta an t-ainm atá baiste ar an seó agus cé nach mbeidh aon bhia ann d’éisteoirí, beidh freastal á dhéanamh orthu le réimse spéisiúil de nuacht, spórt, ceol agus craic na maidine.
Bhí clár bricfeasta ar Raidió na Life cúpla uair thar na blianta ar feadh tréimhsí gairide – i rith Sheachtain na Gaeilge mar shampla – ach ní raibh clár leanúnach buan bricfeasta acu go dtí anois.
“Thaitin sé liom i gcónaí éisteacht leis an gclár bricfeasta ar RnaL am ar bith a raibh sé ar siúl,” arsa Lisa Madden, Clár Reachtaire an stáisiúin.
“Mheas mé go raibh spás ann ar maidin do rud éigin nua agus éagsúil – níl an clár ródháiríre ná rósheafóideach le meascán ceart idir chúrsaí nuachta, spóirt agus spraoi agus, ar ndóigh, bíonn ceol den scoth le cloisteáil gach maidin chomh maith.
“Bíonn an clár de shíor ag athrú agus ag forbairt – bíonn míreanna nua á gcur againn leis i gcónaí.”
Sampla de sin ná an comórtas ‘Béarla ar Bith’ ina dtugtar ábhar cainte don iomaitheoir beo ar an aer agus caithfidh sé/sí leanúint ag caint ar feadh 30 soicind gan oiread is focal Béarla amháin a scaoileadh… níos deacra ná a shílfeá!
Agus an tseachtain seo tá tús á chur le mír nua grinn, Raidió Raiméis, in éineacht leis na daoine greannmhara ag Gael Gáirí.
Blaiseadh beag den chlár:
Cur chuige tarraingteach atá ag An Bricfeasta Blasta a thaitneoidh le haon duine atá ag iarraidh teacht ar phlé suimiúil ach réchúiseach faoi chúrsaí an lae, ó na ceannlínte móra go dtí moltaí teilifíse agus siamsaíochta.
Lisa féin a bhíonn ag stiúradh an chomhrá agus bíonn láithreoirí eile mar aíonna rialta ar an phainéal aici ar nós Cian Mac Cárthaigh, Pádraig Ó Conghaile, Aonghus Ó Lochlainn, Caoimhe Ní Chathail agus eile.
“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a chabhraigh linn an clár a chur ar an bhfód agus a chabhraíonn linn é a choinneáil ar na haerthonnta gach maidin,” arsa Lisa.
“Is foireann bheag muid a bhíonn ag obair go lán-aimseartha agus táimid an-bhuíoch i gcónaí de na hoibrithe deonacha ar fad a bhíonn linn.”
Tiúin isteach leis An Bricfeasta Blas gach maidin, Luan go hAoine, ar Raidió na Life idir 8rn agus 9rn. Éist leis an stáisiún i mórcheantar BÁC ar 106.4FM nó ar líne ag raidionalife.ie