An dtitfeadh an spéir dá gcuirfeadh Gaeilgeoir líofa as Cill Dara ‘Iris Aniar’ i láthair?

Ceann de na rudaí is fearr faoi Raidió na Gaeltachta ná gur féidir teacht air ó cheann ceann na tíre agus tú sa gcarr. Bíodh mé ó thuaidh nó ó dheas, thoir nó thiar, bíonn fáil agam air, rud atá iontach agus mé ag coinneáil súil ghéar ar chluichí atá á n-imirt sa mbaile, nó nuair a bhíonn mé ag iarraidh a fháil amach céard atá á thuairisciú ag Nuacht an Iarthair

Is mé a rinne eascainí inniu gur ar deireadh a bhí Nuacht an Iarthair á léamh mar sa gcarr a bhí mé. Faoin am a thosaigh sé, i dTollán Chalafort Bhaile Átha Cliath a bhí mé, agus chaill mé an tseirbhís. Ní raibh aon rogha agam ach cúig nóiméad a chaitheamh i mo chloigeann féin. 

Rith sé liom gur chloígh an raidió le nós atá acu ó bunaíodh an stáisiún in 1972. Is é sin, gur duine le canúint na Mumhan a léifeadh Nuacht an Deiscirt, canúint Dhún na nGall ar Nuacht an Tuaiscirt agus canúint ó thaobh thiar na tíre do Nuacht an Iarthair. Déantar an rud céanna leis na cláir áitiúla a chraoltar as na réigiúin sin. Níor cheistigh mé riamh é. 

Inniu, d’fhiafraigh mé díom féin, cén fáth? Mar shampla, cén fáth nach bhféadfadh duine le scoth na Gaeilge ón gCeathrú Rua, Nuacht an Tuaiscirt nó Barrscéalta a chuir i láthair? Cén dochar a bheadh ann dá mbeadh Conallach ag cur fúthu ó dheas agus ag léamh Nuacht an Deiscirt? An dtitfeadh an spéir ar an talamh dá mbeadh Gaeilgeoir líofa as Cill Dara ag cur Iris Aniar i láthair? 

Tuigim an chúis a bhí leis ag an am, in 1972. Ba é an chéad uair againn é na canúintí éagsúla a chloisteáil go rialta ar an aer. Chuir muid aithne ar a chéile. D’fhoghlaim na pobail éagsúla go ndeirtear ‘bomaite’ i nGaoth Dobhair agus ‘nóiméad’ i Leitir Móir, agus go dtéann muintir Chiarraí chun bóthair sa ‘chairt’. Meas tú an bhfuil muid tagtha ag an tráth gur féidir deireadh a chur leis an idirdhealú seo agus glacadh leis má tá Gaeilge líofa, deisbhéalach ag duine go bhfuil siad sách maith le dul ar an aer, agus gur cuma cén chanúint atá acu? 

Samhlaigh dá mbeadh sé de pholasaí ag an BBC, mar shampla, nach mbeadh le cloisteáil ar a gcuid seirbhísí nuachta réigiúnacha ach canúint an réigiúin sin amháin. Líomhnaítear in aghaidh RTÉ go minic nach mbíonn le cloisteáil acu ach canúint dheisceart Bhaile Átha Cliath. Cé go bhfuil go leor acu ann, scaoileadh mise agus neart eile ar an aer le canúintí éagsúla. 

Ar aon chuma, níl anseo ach smaoineamh beag fánach a rith liom agus mé sáinnithe i dtollán, ceal raidió. B’fhéidir gurbh í sin mo phríomhphointe ach é ráite go místuama agam. Cá mbeadh muid ar fad gan é?