An gradam óir buaite ag Beo Ar Éigean ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann

Tá an chraobh óir tugtha leo ag mná Beo Ar Éigean ag Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann. Bhuaigh na podchraoltóirí aitheanta Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn an bonn óir i rannóg na Gaeilge ag an ócáid speisialta a reáchtáladh i Halla na Saoirse ag an deireadh seachtaine.

Sa dara háit bhí an podchraoladh Teachtaireachtaí, podchraoladh faoi na healaíona; agus sa tríú háit bhí An Spota Dubh, podchraoladh faoi chúrsaí spóirt. Chomh maith le a bheith ar fáil ar na ngnáthardáin phodchraoltaí, craoltar Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One agus craoltar Teachtaireachtaíagus An Spota Dubh ar Raidió na Life, stáisiún pobail Gaeilge Bhaile Átha Cliath. 

B’iod í an chéad bhliain a reáchtáladh Gradaim Phodchraoltaí na hÉireann agus bhí cúig phodchraoladh san iomaíocht don Phodchraoladh is Fearr i nGaeilge: na trí bhuaiteoir agus Fada is Fairsing agus Scéalta agus Béilte, dhá phodchraoladh eile a chraoltar ar Raidió na Life. 

27 gcatagóir ar fad a bhí ann agus níor ainmníodh aon phodchraoladh Gaeilge i gcatagóir taobh amuigh de chatagóir na bpodchraoltaí Gaeilge féin. Bhí seasca duine páirteach sa bpróiseas moltóireachta agus Ola Majekodunmi an tí seo ar dhuine acu sin.

Thosaigh Beo Ar Éigean i samhradh na bliana 2017 agus tá os cionn 200 eagrán ar fáil ar shuíomh RTÉ anois.

SCÉALTA EILE