Cuirfear tús anocht le sraith nua raidió ina dtabharfar léargas ar an tráma idirghlúine ó thuaidh agus ar na bealaí a bhfuil daoine ag dul i ngleic leis tríd an scríbhneoireacht chruthaitheach.
‘Scríbhneoirí an tSléibhe’ is teideal don tsraith ceithre chlár agus is é Conor Torbóid, scríbhneoir óg Feirsteach, a bheidh á cur i láthair.
Labhróidh Conor le baill éagsúla ó mheitheal scríbhneoireachta in iarthar Bhéal Feirste a bunaíodh chun tacaíocht a thabhairt don phobal áitiúil agus a bhfuil rabhartha nua filíochta agus scéalta tagtha ar an saol dá barr.
Feargal Mac Ionnrachtaigh, Nuala Ní Scolláin, Fionnuala Ní Mhealláin agus Seán Johnboy Ó Muireagáin na scríbhneoirí a bheidh i mbun comhrá le Conor le linn na sraithe faoina dtaithí saoil agus faoin dóigh a dtugann an scríbhneoireacht faoiseamh dóibh sa chomhthéacs iar-choimhlinte.
“Tá muid uilig ag iompair péine agus tráma ón choimhlint ach ní minic a labhraíonn muid faoi go hoscailte,” arsa Gráinne Holland, a bhí ina léiritheoir ar an tsraith.
“Cuid de na daoine a mhair fríd nó a tháinig i méadaíocht lena linn, tá muid anois ag iarraidh ‘díphacáil’ a dhéanamh ar an eispéireas uilig den chéad uair, rud atá iontach deacair a dhéanamh.
“Tá na scríbhneoirí sa tsraith seo cróga ionraic spreagúil agus léiríonn siad go bhfuil bealaí ann a dtig le daoine an tráma a phróiseáil, agus gur cuidiú mór iad na healaíona, an dúlra, an grá agus an pobal féin chun sin a dhéanamh.”
Craolfar an chéad eipeasóid de ‘Scríbhneoirí an tSléibhe’ (ina gcluinfear ón Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh) ar BBC Raidió Uladh anocht ar 19:30 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta amárach ar 13:30.