‘Bheinn sásta táille raidió a íoc ón Nua-Shéalainn dá mbeinn cinnte gur i dtreo RnaG a rachadh sé’

Is fear mór raidió mé – éistim leis na mílte cláracha gach bliain ar an wireless, agus is féidir liom cláracha maithe agus láithreoirí cumasacha a aithint. Níl sé éasca aíonna a chur ar a gcompord, an scéal atá ar intinn acu a mhealladh amach ach na ceisteanna deacra a chur orthu ag an am céanna. 

Moltar Raidió na Gaeltachta go hard na spéire as cur cinn na teanga agus an tslí ina bhfreastalaíonn sé ar phobal na Gaeltachta – moladh atá tuillte acu ann gan dabht. Sin é an chúis ar thosaigh mé ag éisteacht leis an stáisiúin ar dtús, an Ghaeilge a chloisteáil agus saibhreas na teanga a bhlaiseadh. 

Cruthaíonn sé nasc díreach leis an seanfhód dúinne atá ag maireachtáil thar lear. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin tugtha faoi deara i gceart ag RTÉ ach an oiread os rud é go bhfuil gach clár ar fáil saor in aisce gan fiú pingin a chur chuig ceadúnas. Ach cuir é sin ar leataobh – is é bun agus barr an scéil gur stáisiúin raidió den chéad scoth atá i RnaG, stáisiúin atá níos fearr agus a dhéanann níos mó leis na hacmhainní atá acu ná aon stáisiúin eile ar feadh m’eolais. 

Go minic ní fhaigheann daoine ag obair leis na meáin ach gearáin agus maslaithe agus fanaimid atá sásta leo inár dtost. Is maith an rud é 50 bliain RnaG a cheiliúradh agus cé nach bhfuilim i m’éisteoir ach le cúig nó sé bliana anois, táim thar a bheith buíoch as an ardú croí a fhaighim óna gcomhluadar gach lá. 

Bíonn an t-amchlár éisteachta agam beagáinín éagsúil toisc go mbraitheann sé ar am na bliana. An Saol ó Dheas beo istoíche i rith an gheimhridh agus Tús Áite beo go luath ar maidin sa samhradh, ach bainim sult as éisteacht siar pé uair is féidir liom. Amuigh ag siúl, ar an rothar le cluasán amháin i mo chluas, nó ag obair sa chistin, oireann an raidió i gcónaí.

Ní hamháin sin, ach bhí deis agam cúpla uair labhairt ar an stáisiúin, agus caithfidh mé buíochas a ghabháil leis na láithreoirí go léir ar labhair mé leo agus na foirne iontacha taobh thiar dóibh. Helen Ní Shé, Fachtna Ó Drisceoil, Michelle Nic Grianna, Dáithí de Mórdha, Edel Ní Loibhéad, Pádraig Ó Sé, Dara Ó Cinnéide, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Sinéad Ní Uallacháin…laochra iad go léir a bhí foighneach liom agus le mo chuid Gaeilge chiotach. 

Tuigim go maith nár cheart go mbeadh aon bhrú ar RnaG freastal orainn atá thar lear, agus orainn nárbh as an Gaeltacht ó dhúchas dúinn. Tá stair agus bunú an stáisiúin fós tábhachtach agus scamaill dhorcha ag bagairt ar mhuintir na Gaeltachta i gcónaí…ach sin í cumhacht na hoibre a ndéantar ann – cothaíonn RnaG an teanga sa tslí is éifeachtaí nuair a dhíríonn siad ar a bpobal féin, agus cabhraíonn sé sin thar cuimse d’fhoghlaimeoirí agus cainteoirí eile cosúil liomsa. 

Mar sin, comhghairdeachas RnaG as 50 bliain a bhaint amach! Go bhfana sibh ar an bhfód ar feadh 50 bliain eile, agus caoga eile i ndiaidh sin. Agus dos na boic mhóra thuas i nDomhnach Broc, deirimse rud amháin – bheinn sásta táille a íoc ó thar lear dá mbeinn cinnte go rachadh sé i dtreo RnaG!

SCÉALTA EILE