Bladhaire beo i mBaile Átha Cliath!

Beidh an clár iomráiteach Bladhaire, a chraoltar beo ó na Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Déardaoin agus Dé hAoine, ag tabhairt aghaidh ar an ardchathair an mhí seo agus clár speisialta le craoladh beo ón bpub Gaelach Piper’s Corner i lár Bhaile Átha Cliath. 

Fógraíodh inniu go mbeadh láithreoir an chláir, Áine Ní Bhreisleáin, i mbun a ceirde os comhair an phobail sa teach tábhairne ar Shráid Mhaoilbhríde ar an taobh ó thuaidh d’Abhainn na Life. 

Beidh an clár á chraoladh beo ar Dé Céadaoin 18 Nollaig, seachtain roimh Lá Nollag, in Piper’s idir 15.00 agus 17.00. Beidh cóisir Nollag ar siúl ag lucht Bladhaire sa bpub díreach i ndiaidh an tseó.

Tá cáíl mhór faoin am seo ar an teach tábhairne Piper’s Corner a osclaíodh cúpla bliain ó shin mar phub ina gcuirtear fáilte mhór roimh Ghaeil Bhaile Átha Cliath. Bíonn an teanga le cloisteáil ann go minic idir fhir bheáir agus chustaiméirí araon agus tá sé ag breith ar Chlub Chonradh na Gaeilge, fiú, mar rogha ionaid na nGael d’imeachtaí móra sa chathair. 

Cuireadh tús leis an gclár Bladhaire ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de sceideal an fhómhair i mbliana agus cheana féin tá sé ar cheann de na cláracha is mó tóir ar an stáisiún Gaeltachta. Is minic a tharraingíonn an clár aird ar na meáin shóisialta agus tá ag éirí leis lucht éisteachta óg a mhealladh i dtreo RTÉ RnaG. 

SCÉALTA EILE