Bricfeasta le Bláthnaid
Éirígí as an leaba!

Tá cúis sa bhreis againn éirí as an leaba maidin inniu agus clár úrnua cainte ‘Bláthnaid Libh’ le tosnú ar 11rn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuirigí an citeal ar siúl, suígí siar agus tugaigí cluas le glór binn álainn Bhláthnaid Ní Chofaigh.

Gealltar gur briseadh deas a bheas sa gclár nua seo ó gach rud a bhí le cloisteáil ar an stáisiún i rith na seachtaine agus béim ar ábhar sultmhar agus caint níos éadroime, cé nach dtugtar droim d’ábhar níos dáiríre más gá.

Beidh béim ar scéalta daonna, ar thuairimí agus ar scéalta na mban go háirithe agus caitear súil go seachtainiúil ar an méid a thit amach i ndomhan na meán sóisialta, tweet na seachtaine san áireamh!

I measc na míreanna rialta sa gclár, beidh ‘Tacsaí Raidió’ a chuireann Bláthnaid i mbun cainte le máithreacha agus athraitheacha atá ar an mbóthar, chomh maith le mír dar teideal ‘Bain Triail As’, a chuireann duine mór le rá i saol an Bhéarla faoi scrúdú béil go bhfeictear cén méid Gaeilge ar cuimhin leo ón scoil.

Ar na chéad aíonna a bheas i dteannta Bhláthnaid tá Róisín O’Hara, láithreoir an chláir ‘Róisín’ ar TG4 agus bí ag súil go mbuailfidh Chris Greene isteach sa stiúideo le comhrá a bheith aige le Bláthnaid ar maidin.

Dúirt an bhean rua féin go bhfuil sí ag dúil go mór leis an gclár a chur i láthair, go háirithe agus í ar ais i mbun na Gaeilge arís.

Bígí le Bláthnaid!


Is féidir an clár a leanúint ar Twitter anseo.